Mais adamhach choibhneasta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is mais adamhach choibhneasta ná meán mais na dúile mar a bhíonn sa nádúr i gcomparáid le 1/12 de mhais iseatóp 12C.

Maiseanna adamh, a chuirtear síos i dtéarmaí aonaid maise adamhaí u. Mar shampla, sainmhínítear mais adamhach carbón-12 mar 12.0000 u, agus is í mais adamhach nítrigine-14 ná 14.0031 u. Úsáidtear Ar mar shiombail di. Thugtaí an meáchan adamhach air. I dtábla peiriadach na ndúl, luaitear mais an mheascán nádúrtha iseatóp den dúil: mar shampla, is é 14.0067 u an luach do nítrigin.