Mainistir na Cathrach
Mainistir mheánaoiseach Agaistíneach ba ea Mainistir na Cathrach (Mainistir Mhuire sa Chathair). Séadchomhartha náisiúnta anois í agus í suite sa Chathair.[1][2][3]
Suíomh[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tá an mhainistir suite 600 méadar taobh thuaidh de Chaisleán na Cathrach ar bhruach thiar Abhainn na Siúire.[4][5][6]
Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]
Bunaíodh an mhainistir go déanach sa 12ú haois. Thug Galfrid de Camville, Barún na Cathrach agus Fheadaimir, deontas dá hospidéal timpeall na bliana 1200.[7][8][9]
Rinneadh a lán athruithe ar an mainistir. Tá iarsmaí d’fhoirgnimh de chuid an 13ú haois ann agus de thógáil a rinneadh sa 15ú, sa 16ú agus sa 17ú haois. Scaoileadh an mhainistir in 1540 agus thug an tAb Éamonn Ó Longargáin uaidh í. Bhí an séipéal agus na foirgnimh eile sealbhaithe ag an Ridire Tomás de Buitléir faoi Mhí Eanáir 1541. Bronnadh ar Éamonn de Buitléir in 1566 í.
Foirgnimh[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tá córlann na heaglaise fós ann agus sraith fuinneog le fáil sa bhalla thuaidh, in éineacht le coirbéil agus múnláil atá déanta d’aolchloch.
Tá caisleán díreach taobh thiar den chórlann agus cuma air go ndearnadh é sa 17ú haois.[10][11]
Tá clabhstra ann agus foirgnimh tí. Tá comharthaí saoir le feiceáil.[12][13]
References[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Edwin, Rae (4 June 2010). "Priory of St. Mary, Cahir, County Tipperary - Choir".
- ↑ "Calendar of Entries in the Papal Register Relating to Great Britain and Ireland".
- ↑ "Díosbóireachtaí Párlaiminte: Tuairisc Oifigiúil".
- ↑ "Things to See in Cahir, County Tipperary, Ireland".
- ↑ "Gothic Past - Priory of St. Mary, Cahir, County Tipperary - Choir".
- ↑ "Irish Economic and Social History".
- ↑ "DK Eyewitness Travel Guide: Ireland" (1 October 2014). Dorling Kindersley Limited.
- ↑ "Cahir Abbey, Cahir, Co. Tipperary, Ireland.".
- ↑ "Leigh's New Pocket Road-Book of Ireland ... on the plan of Reichard's Itineraries, etc. [Edited by C. C. Hamilton.]".
- ↑ "Cahir Abbey - Tipperary Town".
- ↑ "St Mary's Priory Cahir".
- ↑ McFadden, David (6 December 2016). "An Innocent in Ireland: Curious Rambles and Singular Encounters". McClelland & Stewart.
- ↑ Lehane, Brendan (27 August 2017). "The Companion Guide to Ireland". Companion Guides.