Maigdiléanach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

An cultúr seandálaíoch is déanaí in iarthar na hEorpa, ón gcuid is déanaí den ré Phailéiliteach (an chéad chuid den Chlochaois). Ainmníodh é as Pluais Mhaigdiléana sa Dordogne sa bhFrainc, a tochlaíodh i 1863. Faoi seo tá eolas ar chuid mhaith ionad, ó timpeall 17,000-12,000 RC, sa Spáinn, an Fhrainc, an Bheilg, an Bhreatain, an Ghearmáin, an Eilvéis, agus Poblacht na Seice. Is iad na hionaid is cáiliúla díobh na pluaiseanna péinteáilte i Lascaux agus Altamira.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Maigdiléanach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 431.