Magairlín na mbeach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoMagairlín na mbeach
Ophrys apifera Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdAsparagales
FineOrchidaceae
TreibhOrchideae
GéineasOphrys
SpeiceasOphrys apifera Cuir in eagar ar Wikidata
Huds., 1762
Ophrys apifera

Is ainm ar speicis éagsúla magairlín a fhaightear ar fud na hEorpa, iarthar na hÁise, agus tuaisceart na hAfraice é magairlín na mbeach.[1] Na bláthanna suntasach mar go ndéanann siad aithris ar fheithidí. Bíonn liopa íochtarach an bhlátha cosúil le feithid bhaineann i ndath is comhdhéanamh, agus astaíonn boladh láidir cosúil le fearamón a aomann fireannach na feithide céanna. Déanann na fireannaigh iarracht cúpláil leis an aithriseoir, agus pailníonn an bláth. Tá speiceas ar leith a dhéanann aithris ar an mbumbóg atá in ann féinphailniú. Tá speicis ann a dhéanann aithris ar chuileoga, foichí, sábhchuileanna, agus fiú damháin alla.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “Ophrys apifera” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
  2. Hussey, Matt (2011). "Magairlín beachach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 430.