Mael Mórdha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaMael Mórdha
lang=ga
(2008) Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálbanna ceoil Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1998
Gníomhaíocht
Tréimhse oibre1998 –
Lipéad ceoilCandlelight Records Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraDoom metal (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinmyspace.com… Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: maelmordhaofficial Bandcamp: maelmordha Spotify: 6UlDUUn1lQIuPGKZUoG2bh Musicbrainz: b00ae792-4981-4866-91e7-91a91b9a7afd Songkick: 27000 Discogs: 1092436 Cuir in eagar ar Wikidata

Is banna miotail Éireannach as Baile Átha Cliath, Éire é Mael Mórdha. Is féidir a ainm a scríobh freisin i gclóghrafaíocht thraidisiúnta na hÉireann, mar Mael Mórḋa. Meascann ceol an bhanna miotal le ceol traidisiúnta na hÉireann chun rud ar a dtugtar “Gaelic doom metal” a chruthú.[1]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhunaigh Roibéard Ó Bogail (iar-cheoltóir an bhanna Dreamsfear) Mael Mórdha i mí Eanáir 1998. De bharr neart dhá EP dheireanacha an bhanna, Caoineadh na nGael agus Cluain Tarbh, síníodh an banna leis an lipéad Ollannach Karmageddon Media a d’eisigh céad albam an bhanna, Cluain Tarbh ar 12 Meán Fómhair 2005. D'eisigh Sentinel Records leagan eile de theidealrian an albaim ar chéirnín mar eagrán teoranta, roinnte lena gcomh-Éireannaigh Primordial, i ngeimhreadh na bliana 2005.

Mar gheall ar fhadhbanna tromchúiseacha inmheánacha laistigh de Karmageddon agus easpa soláthar dn albam ar fáil, d'fhág an banna an lipéad agus shínigh siad le Grau Records sa Ghearmáin i mí Feabhra 2006. Is é Gealtacht Mael Mórdha an chéad albam a d'eisigh an banna trí Grau Records, ar 19 Márta 2007. In 2008, d’atheisigh Grau Records a gcéad albam le dhá rian breise a taifeadadh roimhe seo ar chéad EP an bhanna, The Path to Insanity.

Chuaigh an banna isteach sa bhabhta Éireannach de Chomórtas Amhránaíochta na hEoraifíse 2005 go déanach i 2004, agus é mar aidhm acu na cluichí ceannais a bhí ar siúl i Kyiv, san Úcráin in 2005 a bhaint amach.[2]

D’eisigh Grau Records an tríú halbam de chuid Mael Mórdha dar teideal Manannán ar 14 Bealtaine 2010.[1]

Idir Samhain 2011 agus Eanáir 2012 rinne Mael Mórdha taifead ar a gceathrú halbam ag Foel Studio sa Bhreatain Bheag, leis an léiritheoir Chris Fielding. Dar teideal Damned When Dead, d’eisigh Candlelight Records an t-albam i Meán Fómhair 2013. I mí Eanáir 2014, d’fhág Roibéard Ó Bogail an banna ceoil. Tháinig an t-amhránaí Celtachor Stíofán De Roiste ina áit i mí Dheireadh Fómhair na bliana sin.[3]

Albaim[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bliain Albam
2005 Cluain Tarbh
2007 Gealtacht Mael Mórdha
2010[4] Manannán
2013 Damned When Dead

PEs/Scoilteana[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bliain PE
1999 The Path to Insanity
2000 The Inferno Spreads
2003 Caoineadh na nGael
2004 Cluain Tarbh EP
2005 Primordial / Mael Mórdha

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 blabbermouth.net - Mael Mórdha To Release 'Manannán' In May - Apr. 19, 2010”. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2013-02-01. Dáta rochtana: 2010-07-24.
  2. Mael Mórdha performing on You're A Star”. YouTube. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-12-19. Dáta rochtana: 10 October 2020.
  3. Interview : Dave Murphy of MAEL MÓRDHA”. Irishmetalarchive.com. Dáta rochtana: 10 October 2020.
  4. Mael Mórdha: New Album Delayed Until Next Year blabbermouth.net.