Machu Picchu

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Machu Picchu i bPeiriu

Is cathair Inceach iargúlta í Machu Picchu sna hAindéis i bPeiriú, i Meiriceá Theas. "Seansliabh" an chiall atá le Machu Picchu i gCeatsuais. Ba é Hiram Bingham, taiscéalaí Meiriceánach, a scaoil an scéal seo timpeall. Eisean ba thúisce a tháinig ar Machu Picchu agus ar na hiarsmaí in Espíritu Pampa araon, ach ba é an tuairim a bhí aige féin ná gurbh é Machu Picchu an áit ba thábhachtaí den dá áit. Chuir sé a thuiscint do na cúrsaí seo os comhair an tsaoil mhóir ina leabhar clasaiceach Lost Cities of the Incas.

An tuiscint atá againn inniu, áfach, tá sé bunaithe ar an leabhar suimiúil úd The Conquest of the Incas le John Hemming, a tháinig i gcló sa bhliain 197. Suíomh Oidhreachta Domhanda de chuid UNESCO atá ann.

Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]


Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]