An Cheatsuais

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de llenguaAn Cheatsuais
Qhichwa simi
Cineálfine teangacha, teanga, macraitheanga agus teanga bheo
Úsáid
Cainteoirí dúchais8,900,000 (2007)
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teanga bhundúchasach
teangacha bundúchasacha de chuid Chríocha Mheiriceá
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaaibítir Laidineach
Institiúid caighdeánaitheAcademia Mayor de la Lengua Quechua (en) Aistrigh
Cóid
ISO 639-1qu
ISO 639-2que
ISO 639-3que
ISO 639-5qwe
Glottologquec1387
Ethnologueque
IETFqu

Is í an Cheatsuais (QuechuaRuna Simi) an teanga bhundúchasach is tábhachtaí sa chuid de Mheiriceá Theas a bhain le ríocht na nInceach roimh theacht na gConquistadores. Le fírinne, is ar éigean is féidir a rá gur aon teanga amháin atá ann, agus is gnách le teangeolaithe an lae inniu a rá gur fine teangacha atá ann agus go bhfuil seacht dteanga éagsúla ann ar a laghad.

Is ar éigean is féidir a rá go bhfuil teangacha gaolmhara ann nach n-aicmítear mar "Cheatsuais" cheana féin. Ar feadh i bhfad, shíl na teangeolaithe go raibh a leithéid d'fhine teangacha ann agus na teangacha "Ceatsumaracha", agus iad den bharúil go raibh an Cheatsuais agus an teanga Aymará - an dara teanga is tábhachtaí i Ríocht na nInceach - gaolmhar le chéile. D'imigh sin, áfach, agus tháinig seo: fuair an dá theanga seo a lán focal ar iasacht ó chéile i rith na gcéadta bliain, ach ní chreidtear a thuilleadh go bhfuil siad gaolmhar le chéile ar aon nós. Scéal eile fós: an cineál Ceatsuaise agus an cineál Aymará ba thúisce a d'fhoghlaim na Spáinnigh ba iad na canúintí ba mhó a d'imir tionchar ar a chéile, ó ba iad na canúintí a bhí á labhairt i ríocht na nInceach. Nuair a tháinig na saineolaithe trasna ar chanúintí imeallacha an dá theanga, thuig siad nach raibh gaol ag an dá theanga sin le chéile ó thús, agus gurb í an chomharsanacht ba chúis leis na cosúlachtaí.

Tá Ceatsuais de chineál éigin ag tuairim is deich milliún duine i Meiriceá Theas. Is i bPeiriú is mó a labhraítear Ceatsuais, ach tá canúintí nó teangacha den chineál seo á labhairt in Eacuadór, sa Bholaiv, sa Cholóim, agus san Airgintín.

Teanga í an Cheatsuais atá bunaithe ar an táthú - is é sin, is féidir focail agus foirmeacha nua a chruthú trí iarmhíreanna a chur leis na focail. Tá gramadach na Ceatsuaise iontach rialta, iontach saor ó eisceachtaí.

Deighilt na gCanúintí/na dTeangacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Níl na teangeolaithe go léir sásta le haicmiú traidisiúnta na gcanúintí Ceatsuaise a thuilleadh, ach is dócha gur treoir éigin atá ann mar sin féin. Seo iad na príomhchanúintí nó na "teangacha":

  • an Cheatsuais Láir, nó Quechua-B, nó Quechua I, nó an teanga Waywash. Labhraítear na canúintí seo sna sléibhte i Lár-Pheiriú agus ar an gcósta.

Na príomhchanúintí eile, is gnách "an Cheatsuais Imeallach" a thabhairt orthu, nó Quechua-A, nó Quechua II:

  • Quechua II A, nó Ceatsuais Yunkay. Labhraítear i sléibhte Thuaisceart Pheiriú í. Is í canúint Cajamarca an leagan is tábhachtaí den chineál seo Ceatsuaise.
  • Quechua II B, nó Ceatsuais an Tuaiscirt. Labhraítear in Eacuadór, i dTuaisceart Pheiriú agus i nDeisceart na Colóime (i réigiún Putumayo) í. An leagan den teanga a labhraítear sa Cholóim, tugtar Inga air, is é sin, teanga na nInceach.
  • Quechua II C, nó Ceatsuais an Deiscirt. Tá teanga chaighdeánach ag an gcanúint seo. Labhraítear an cineál seo Ceatsuaise i bPeiriú (Ayacucho agus Cuzco), sa Bholaiv, sa tSile, agus san Airgintín.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]