Machaire Rátha
Machaire Rátha | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | an Ríocht Aontaithe | |||
Comhthír na Ríochta Aontaithe | Tuaisceart Éireann | |||
Contae i dTuaisceart na hÉireann | Contae Dhoire | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Cód poist | BT46 | |||
Lonnaithe i gcrios ama | ||||
Glaochód | 028 |
Is baile é Machaire Rátha (Béarla: Maghera; Albainis: Machera) atá lonnaithe i gContae Dhoire, Cúige Uladh, Éire. I ndaonáireamh 2011 bhí daonra 4,220 ann,[1] méadú ó dhaonra 3,711 i ndaonáireamh 2001.[2] Tá sé suite i gCeantar Lár Uladh, chomh maith le paróiste sibhialta Mhachaire Rátha, a ainmníodh ina dhiaidh, agus iar-bharúntacht Loch Inse Uí Fhloinn.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Téann stair an bhaile siar go dtí an 6ú haois ar a laghad go dtí an mhainistir a bhunaigh Naomh Lurach, a thug Naomh Pádraig chun na Críostaíochta. Bhí suíochán Chenél nEoghain ag Ráth Luraigh i Machaire Rátha, dár le hAnnála Uladh. Tá an seaneaglais agus an eaglais Anglacánach i Machaire Rátha ainmnithe i ndiaidh Naomh Lurach.[3]
Ba lonnaíocht de chuid coilínigh Albannacha a bhí insan bhaile insan 17ú haois agus bhí aighneas eatarthu agus na daoine dúchasacha. Mar shampla, ar an 12 Iúil 1830, mar thoradh ar mháirseálacha de chuid na Fir Bhuí bhí coimhlint idir Fir Buí agus Ribínigh i Machaire Rátha agus ar an tSeanmhullach. Dhó Protastúnaigh roinnt tithe Caitliceacha i ndiaidh na troideanna seo.[4]
Na Trioblóidí
[cuir in eagar | athraigh foinse]D’fhulaing Machaire Rátha foréigean suntasach le linn na dTrioblóidí. Maraíodh ceathrar déag san iomlán,[5] leath acu ina mbaill d'fhórsaí na Breataine agus beirt eile mar thoradh ar bhallraíocht teaghlaigh i Reisimint Cosanta Uladh. Bhí Óglaigh na hÉireann freagrach as deich gcinn de na básanna.
Rialachas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an baile mar chuid de Chomhairle Ceantair Lár Uladh. Tá sé suite i dtoghcheantar Charn Tóchair ina bhfuil na ceantaracha Gleann Shéain Íochtarach, Baile an tSuaitrigh, Tamhlacht Uí Chroiligh, An Gleann agus Machaire Rátha.[6] I dtoghcháin áitiúla 2022, thogh Carn Tóchair ceathrar comhairleoir ó Shinn Féin agus comhairleoir amháin ón DUP chuig an chomhairle.
Áiteanna atá inspéise
[cuir in eagar | athraigh foinse]I measc na bhfoirgneamh suntasacha i Machaire Rátha tá Eaglais Naomh Lurach, a bunaíodh sa bhliain 500AD, mar mhainistir ar dtús. D’fhás an baile thart ar an tséipéil seo. Bhí tábhacht na mainistreach chomh mór sin go raibh suíochán an easpaig i Machaire Rátha sa darna agus sa tríú haoiseanna déaga. Rinne na Lochlannaigh ruathar ar an Eaglais, áfach, agus chuaigh sí i léig. Tá sí anois faoi chúram an tSeirbhís Oidhreachta agus Comhshaoil. Laistigh de na fothracha, mar ionsuiteán ar an bhalla thiar, tá dealbh den chéasadh, a cheaptar a tháinig ón 10ú haois - rud a chiallaíonn go bhfuil sé ar cheann de na léirithe is luaithe den chéasadh a mhaireann in Éirinn. Is é Naomh Lurach naomh an bhaile. Tá an muileann línéadaigh is sine in Éirinn, comhlacht William Clark & Sons a bunaíodh i 1736, sa bhaile.[7]
Eaglaisí
[cuir in eagar | athraigh foinse]In eaglais Chaitliceach Naomh Pádraig, tá cloch chinn a dhéanann cuimhneamh ar an líon mór daoine a fuair bás sa pharóiste le linn an Ghorta ann.
I dteach pobail Eaglais na hÉireann Naomh Lurach, tá leac cuimhneachán ann tiomnaithe do dhaoine áitiúla a fuair bás sa dá chogadh domhanda. Tá plaic práis san eaglais Phreispitéireach i gcuimhne orthu siúd a rinne seirbhís le linn an Chéad Chogaidh Dhomhanda.
Tá cuimhneacháin ag an dá eaglais Phrotastúnacha do dhaoine áitiúla. Tá cuimhneacháin san eaglais Anglacánach i gcuimhne ar Alan Clark (UDR) agus John Proctor (RUC).[5]
Iompar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Osclaíodh stáisiún iarnróid Mhachaire Rátha ar an 18 Nollaig 1880, dhruid sé do thrácht paisinéirí ar an 28 Lúnasa 1950 agus dhruid sé go hiomlán ar an 1 Deireadh Fómhair 1959.[8]
Gaeilge
[cuir in eagar | athraigh foinse]A bhuíochas le Coiste Forbartha Charn Tóchair, tá an ceantar Carn Tóchair aitheanta mar cheann de na ceantair is láidre in Éirinn ó thaobh na teanga.[9]
Daoine
[cuir in eagar | athraigh foinse]1700í
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Charles Thomson (1729-1824), a chuaigh ar imirce go dtí na Stáit Aontaithe, áit a raibh sé ina rúnaí ar an gComhdháil Ilchríochach .
- Watty Graham (1768-1798), ball de na hÉireannaigh Aontaithe, a raibh baint aige leis an éirí amach agus a cuireadh chun báis i 1798.
- An Dr Henry Cooke (1788-1868), diagaire Preispitéireach aitheanta. Tá dealbh dó (ar a dtugtar an Fear Dubh air) in airde i mBéal Feirste .
1800í
[cuir in eagar | athraigh foinse]- James Johnston Clark (1809-1891), BP do Chontae Dhoire, a rugadh i dTeach Leargain Tóchair.
- Robert Hawthorne (1822-1879), a bhain Crois Victoria le linn an Cheannairc Indiach.
- William Shiels (1848-1904), polaiteoir coilíneach san Astráil agus séú Phríomh-Aire déag ar Victoria, a rugadh Machaire Rátha.
- James Lenox-Conyngham Chichester-Clark (1884–1933), BP do Dhoire Theas i dTeach na dTeachtaí na sé chontae, a rugadh i dTeach Leargain Tóchair.
1900í
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Rugadh Eve Bunting (1928–), údar leanaí, i Machaire Rátha ach chuaigh sí ar imirce go dtí na Stáit Aontaithe.
- John Kelly (1936–2007), polaiteoir Shinn Féin; rugadh i mBéal Feirste é ach bhog sé go Machaire Rátha.
Scoileanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá trí bhunscoil beárla, Gael-bhunscoil amháin agus meánscoil amháin i Machaire Rátha.
Bunscoileanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Bunscoil Naomh Bríd, Tír Chiana
- St Mary's Primary School, Radharc An Ghleanna
- Maghera Primary School, Bóthar an Stáisiún
- St Patrick's Primary School, An Ghleann
Meanscoileanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]- St. Patrick's Cpllege, coláiste comhoideachais.
Spórt
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Is iad CLG Watty Graham, An Ghleann agus CLG Éiméid, Sléacht Néill na cumainn lúthchleas Gael áitiúla.
- Is iad Maghera Strollers FC an fhoireann sacar áitiúil.
- Tá an raon gailf is cóngaraí ar An Tobair Mhóir .
- Is é Ionad Fóillíochta Mhachaire Rátha, ar Bhóthar Chúil Raithin, an t-ionad fóillíochta áitiúil.
- Is iad Carn Wheelers an Club Rothaíochta áitiúil.
- Is iad Cumann Cruicéid Mhachaire Rátha an Cumann Cruicéid áitiúil .
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ GTÉST. "Census 2011 Usually Resident Population: KS101NI - Table view".[nasc briste go buan]
- ↑ GTÉST. ""Census 2001 Usually Resident Population: KS01 (Settlements) - Table view"". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 23 Meán Fómhair 2021. Dáta rochtana: 02 Eanáir 2021.
- ↑ "Maghera Parish Church". Dáta rochtana: 02 Eanáir 2021.
- ↑ Fionnuala McKenna (02 Meitheamh 2019). "Parades and Marches - Chronology 2: Historical Dates and Events". Conflict Archive on the Internet. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 5 Deireadh Fómhair 2013. Dáta rochtana: 2 Eanáir 2021.
- ↑ 5.0 5.1 "Shocking 1981 murder of new father John Proctor" (en-GB). BBC News (2010-09-27). Dáta rochtana: 2024-01-04.
- ↑ Comhairle Ceantair Lár Uladh. "Councillors". Dáta rochtana: 02 Eanáir 2021.
- ↑ The Maghera and District Genealogical & History Society, accessed 3 July 2017
- ↑ "Irish Railways". Railscot – Irish Railways. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-08-13.
- ↑ "Ba chóir ‘Carn Tóchair’ a bheith i ngach contae sa tír – polasaí Gaeilge nua molta ag coiste Oireachtais" (ga-IE). Tuairisc.ie (2022-10-18). Dáta rochtana: 2024-01-04.