Machaire Rátha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Machaire Rátha
Béarla: Maghera; Béarla na hAlban: Machera
[[Image:Maghera Town Centre|200px|Machaire Rátha]]

Lár Mhachaire Rátha

Rialtas
Tír Éire
Cúige Ulaidh
Déimeagrafaic
Daonra 4220 (2011)

Is baile é Machaire Rátha (Béarla: Maghera; Albainis: Machera) áta lonnaithe i gCondae Dhoire, Cúige Uladh, Éire. I ndaonáireamh 2011 bhí daonra 4,220 ann,[1] méadú ó dhaonra 3,711 i ndaonáireamh 2001.[2] Tá sé suite i gCeantar Lár Uladh, chomh maith le paróiste sibhialta Mhachaire Rátha, a ainmníodh ina dhiaidh, agus iar-bharúntacht Loch Inse Uí Fhloinn.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Téann stair an baile siar go dtí an 6ú haois ar a laghad go dtí an mhainistir a bhunaigh Naomh Lurach, a thug Naomh Pádraig chun na Críostaíochta. Bhí suíochán Chenél nEoghain ag Ráth Luraigh i Machaire Rátha, dár le hAnnála Uladh . Tá an seán eaglais agus an eaglais Anglacánach i Machaire Rátha ainmnithe i ndiaidh Naomh Lurach.[3]

Ba lonnaíocht de chuid coilínigh Albannacha a bhí insan bhaile insan 17ú haois agus bhí aighneas eatarthu agus na daoine dúchasacha. Mar shampla, ar an 12 Iúil 1830, mar thoradh ar mháirseálacha de chuid na Fir Bhuí bhí coimhlint idir Fir Buí agus Ribínigh i Machaire Rátha agus ar an Seanhhullach. Dhó Protastúnaigh roinnt tithe Caitliceacha i ndiaidh na troideanna seo.[4]

Na Trioblóidí[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’fhulaing Maghera foréigean suntasach le linn na dTrioblóidí . Maraíodh ceathrar déag san iomlán, leath acu ina mbaill d'fhórsaí na Breataine agus beirt eile mar thoradh ar bhallraíocht teaghlaigh i Reisimint Cosanta Uladh. Bhí Óglaigh na hÉireann freagrach as deich gcinn de na básanna.

Rialachas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an baile mar chuid de Chomhairle Ceantair Lár Uladh . Tá sé suite i dtoghcheantar Charn Tóchair ina bhfuil na ceantaracha Gleann Shéain Íochtarach, Baile an tSuaitrigh, Tamhlacht Uí Chroiligh, Gleann agus Machaire Rátha.[5] I dtoghcháin ceantair 2015, thogh Carn Tóchair triúr chomhairleoir ó Shinn Féin, duine ón SDLP agus ón DUP faoi seach chuig an chomhairle.

Áiteanna atá inspéise[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sean-Eaglais Naomh Lurach

I measc na bhfoirgneamh suntasacha i Machaire Rátha tá Eaglais Naomh Lurach, a bunaíodh sa bhliain 500AD, mar mhainistir ar dtús. D’fhás an baile thart ar an tséipéil seo. Bhí tábhacht na mainistreach chomh mór sin go raibh suíochán an easpaig i Machaire Rátha sa darna agus sa tríú haoiseanna déaga. Rinne na Lochlannaigh ruathar ar an Eaglais, áfach, agus chuaigh sí i léig agus tá sí anois faoi chúram an tSeirbhís Oidhreachta agus Comhshaoil. Laistigh de na fothracha, mar ionsuiteán ar an bhalla thiar, tá dealbh den chéasadh, a cheaptar a tháinig ón 10ú haois - rud a chiallaíonn go bhfuil sé ar cheann de na léirithe is luaithe den chéasadh a mhaireann in Éirinn. Is é Naomh Lurach naomh an bhaile. Tá an muileann línéadaigh is sine in Éirinn, comhlacht William Clark & Sons a bunaíodh i 1736, sa bhaile. [6]

Eaglaisí[cuir in eagar | athraigh foinse]

In eaglais Chaitliceach Naomh Pádraig, tá cloch chinn a dhéanann cuimhneamh ar an líon mór daoine a fuair bás sa pharóiste le linn an Ghorta ann. I dteach pobail Eaglais na hÉireann Naomh Lurach tá leac cuimhneachán ann tiomnaithe do daoine áitiúla a fuair bás sa dá chogadh domhanda. Tá plaic práis san eaglais Phreispitéireach i gcuimhne orthu siúd a rinne séirbhís le linn an Chéad Chogaidh Dhomhanda. Tá cuimhneacháin ag an dá eaglais Phrotastúnacha do dhaoine áitiúla a mhairigh Óglaigh na hÉireann. Tá cuimhneacháin san eaglais Anglacánach i gcuimhne ar Alan Clark agus John Proctor, saighdiúraí ó Reisimint Cosanta Uladh de chuid airm na Breataine a mharaigh na hÓglaigh. Tá fuinneog cuimhneacháin ag an eaglais Phreispitéireach do bhaill UDR agus RUC a mhairigh Óglaigh na hÉireann. 

Eaglais Chaitliceach Naomh Máire, Machaire Rátha
Eaglais na hÉireann, Machare Rátha

Iompar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fosclaíodh stáisiún iarnróid Mhachaire Rátha ar an 18 Nollaig 1880, dhruid sé do thrácht paisinéirí ar an 28 Lúnasa 1950 agus dhruid sé go hiomlán ar an 1 Deireadh Fómhair 1959.[7]

Scioból Earraí Mhachaire Rátha, anois ag stáisiún iarnróid Dhún Phádraig ar Iarnród Dhún Phádraig agus Contae an Dúin.

Daoine[cuir in eagar | athraigh foinse]

1700í[cuir in eagar | athraigh foinse]

1800í[cuir in eagar | athraigh foinse]

1900í[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Rugadh Eve Bunting (1928–), údar leanaí, i Machaire Rátha ach chuaigh sí ar imirce go dtí na Stáit Aontaithe.
  • John Kelly (1936–2007), polaiteoir Shinn Féin; rugadh i mBéal Feirste é ach bhog sé go Machaire Rátha.

Scoileanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá trí bhunscoil beárla, Gael-bhunscoil amháin agus meánscoil amháin i Machaire Rátha.

Bunscoileanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Bunscoil Naomh Bríd, Tír Chiana
  • St Mary's Primary School, Radharc An Ghleanna
  • Maghera Primary School, Bóthar an Stáisiún
  • St Patrick's Primary School, An Ghleann

Meanscoileanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Spórt[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. GTÉST. "Census 2011 Usually Resident Population: KS101NI - Table view".
  2. GTÉST. ""Census 2001 Usually Resident Population: KS01 (Settlements) - Table view"". Dáta rochtana: 02 Eanáir 2021.
  3. "Maghera Parish Church". Dáta rochtana: 02 Eanáir 2021.
  4. Fionnuala McKenna (02 Meitheamh 2019). "Parades and Marches - Chronology 2: Historical Dates and Events". Conflict Archive on the Internet. Dáta rochtana: 2 Eanáir 2021.
  5. Comhairle Ceantair Lár Uladh. "Councillors". Dáta rochtana: 02 Eanáir 2021.
  6. The Maghera and District Genealogical & History Society, accessed 3 July 2017
  7. "Irish Railways". Railscot – Irish Railways.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]