Móinteach Raineach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachMóinteach Raineach
Íomhá
CineálDúiche Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinComhairle Pheairt is Cheann Rois, Scotland agus Comhairle na Gàidhealtachd, Scotland Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 56°37′41″N 4°41′06″W / 56.628°N 4.685°W / 56.628; -4.685
Féachtar Am Monadh Dubh i bhfad uait ar Mòinteach Raineach

Is éard is Móinteach Raineach (Béarla: Rannock Moor) ann ná móinteán fairsing bogach, thart ar 50 míle cearnach (130 km ²) siar ó Loch Raineach, sa Gháidhealtachd, i bPeairt agus Ceann Rois, Loch Abar, agus Earra-Ghàidheal agus Bòd, Albain. Tá an móinteán ainmnithe mar 'Limistéar Oidhreachta Náisiúnta'. [1]

Díol suntais é as a fhiadhúlra, tá clú air ach go háirithe mar an t-aonú suíomh sa Bhreataine Mhór ina mbíonn fáil ar Scheuchzeria palustris nó 'Roid Raineach'. Thugadh Horace Donisthorpe cuairt go minic ar an áit, agus bhailigh sé speicis neamhchoitianta go leor de seangáin ar an mhóinteán agus thart timpeall ar an dtalamh ard. Inniu tá sé fós ar cheann de na gnáthóga atá fágtha le haghaidh Formica exsecta nó an 'seangán ceannchaol', cé gur theip suirbhéanna úrnua fianaise a thabhairt ar aird go raibh Formica pratensis fós ar fáil, cé go raibh sé taifeadta ag Donisthorpe sa cheantar go luath sa 20ú haois.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]