Mòinteach Raineach
Cineál | Dúiche ![]() | |||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
Limistéar riaracháin | Comhairle Pheairt is Cheann Rois, Scotland agus Comhairle na Gàidhealtachd, Scotland ![]() | |||
| ||||

Is éard is Mòinteach Raineach (Béarla: Rannock Moor) ann ná móinteán fairsing bogach, thart ar 50 míle cearnach (130 km ²) siar ó Loch Raineach, sa Gháidhealtachd, i bPeairt agus Ceann Rois, Loch Abar, agus Earra-Ghàidheal agus Bòd, Albain. Tá an móinteán ainmnithe mar 'Limistéar Oidhreachta Náisiúnta'. [1]
Díol suntais é as a fhiadhúlra, tá clú air ach go háirithe mar an t-aon suíomh sa Bhreatain Mhór ina mbíonn fáil ar Scheuchzeria palustris nó 'Roid Raineach'. Thugadh Horace Donisthorpe cuairt go minic ar an áit, agus bhailigh sé speicis neamhchoitianta go leor de sheangáin ar an mhóinteán agus thart timpeall ar an talamh ard. Inniu tá sé fós ar cheann de na gnáthóga atá fágtha le haghaidh Formica exsecta nó an 'seangán ceannchaol', cé nár leiríodh i suirbhéanna úrnua go raibh Formica pratensis fós ar fáil, cé gur thaifead Donisthorpe iad sa cheantar go luath sa 20ú haois.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 92. Rannoch Moor, National Heritage Designations in Scotland. Curtha i gcartlann 2010-04-14 ar an Wayback Machine The Scottish Office. 1998.