Méadar báistí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ionstraim meitéareolaíochta chun méid báistí thar thréimhse a thomhas. De ghnáth is i bhfoirm buicéid é, le hoscailt d'fhairsinge ar leith a ligeann don uisce dul trí thonnadóir isteach i sorcóir atá grádaithe ag a bhun. De réir caighdeáin, déantar na tomhais ag amanna atá leagtha síos, le hionstraimí caighdeánaithe. Baintear feidhm as méadair uathoibríocha báistí a dhéanann taifead ar an am agus méid na báistí chun déine na báistí a ríomh.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Méadar báistí". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 442.