Mála aeir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Mála aeir (i SEAT Ibiza)

Is éard is mála aeir[1] ann ná fearas cosanta uathoibríoch i ngluaisteáin chun an lucht taistil a chosaint ar imbhualadh. Le blianta beaga anuas tá aermhálaí á suiteáil i gcuid mhaith de na gluaisteáin nua, i lár an rotha stiúrtha agus sa stiall tosaigh os comhair an taistealóir. Is amhlaidh a bhíonn trasduchtóir sa stiall sin. Leanann luasmhoilliú gach uile imbhualadh ar ndóigh. Imbhualadh ar bith os cionn 20km san uair, braitheann an trasduchtóir sin sa stiall an luasmhoilliú, agus taobh istigh de 30 milleasoicind nó mar sin, déanann an trasduchtóir comhartha leictreonach, agus spreagann sé sin caidéal ar leith chun na málaí a líonadh le haer nó le nítrigin.

Na haermhálaí séidte - is é rud atá iontu sin: adhartáin roimh an tiománaí agus an duine eile sna suíocháin tosaigh, chun iad a chosaint ar an roth, ar an stiall, agus ar an ngaothscáth. Chun an chosaint is fearr a thabhairt, ní mór crios sábhála trí phointe a chaitheamh in éineacht leis an aermhála. Is é sin, crios a ghabhann trasna na coime agus thar an ngualainn.

Ansin díreach tar éis a líonta agus tar éis an imbhuailte, ligtear don aer éalú, agus crapann na málaí chun gur féidir leis an tiománaí agus leis an duine eile éalú as an ngluaisteán. Taispeánadh i Meiriceá a fheabhas atá na haermhálaí: ó tosaíodh ar na haermhálaí a shuiteáil i ngluaisteáin is lú i bhfad an méid daoine a ghortaítear agus a mharaítear in imbhuailtí ar na bóithre. Mar shampla, measann na húdaráis sna Stáit Aontaithe gur shábháil na haermhálaí beo 2,400 duine idir 1990 agus 1995, agus gur lú de 29,000 an méid drochghortuithe a bhí ann dá mbarr.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]