Máirtín Ó Murchú
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Bás | 22 Eanáir 2026 |
| Ollamh Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath | |
| Ollamh Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath | |
| | |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | teangeolaí, acadóir |
| Teangacha | An Ghaeilge, Gaeilge na hAlban agus Béarla |
Teangeolaí, canúineolaí agus ceannródaí i sochtheangeolaíocht na Gaeilge a bhí san Ollamh Máirtín Ó Murchú (1932 - 22 Eanáir 2026, gan coinne). [1] Ceannródaí i léann na soch-theangeolaíochta i dtaca leis an nGaeilge ab ea é, agus b'iomaí alt agus leabhar a bhí scríofa aige i bhfearainn na teangeolaíochta agus na sochtheangeolaíochta.[2]
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]San 1960idí, bhí Máirtín Ó Murchú ina Léachtóir sa Ghaeilge, i gColáiste na hOllscoile Corcaigh agus ansin ina Ollamh le Nua-Ghaeilge i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath 1971 - 1986.
Bhí sé ina Ollamh Sinsearach i Scoil an Léinn Cheiltigh in Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath 1987 - 2006. Chaith sé deich gcinn de na blianta sin ina Stiúrthóir ar Scoil an Léinn Cheiltigh.[3]
Bhí suim mhór aige i litriú agus i bhfoghraíocht na Gaeilge a chaighdeánú tuilleadh le dúil an teanga a chur chun cinn.
Bhí an tOllamh Ó Murchú pósta ag an oideachasóir Gaeilge Helen Ó Murchú. Maireann a bhean chéile agus a dtriúr clainne, Caoimhín, Caitríona agus Damhnait.[1]

Saothar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is iomaí saothar tábhachtach – idir leabhair agus ailt – sna réimsí léinn sin a tháinig uaidh i gcaitheamh a shaoil.
I measc a chuid foilseachán eile:
- (1969) Common Core and Underlying Forms
- (1971) Urlabhra agus Pobal (Comhairle na Gaeilge), a bhunsaothar tagartha. B’fhéidir gur san leabhrán Urlabhra agus Pobal (1971); is ann a thug áiteamh ar son dhátheangachas de shaghas eile dúinn agus inar chuir an téarma ‘débhéascna’[4] inár láthair mar chuid den áiteamh sin.[5]
- (1985) The Irish Language. Dept. of Foreign Affairs/Bord na Gaeilge
- (1989) Oirthear Shiorrachd Pheairt / East Perthshire Gaelic. Ó thaobh taighde ar Ghaeilge na hAlban, is é an saothar is mó a tháinig uaidh, agus an saothar is tábhachtaí, b'fhéidir.[6] Toradh obair pháirce a rinne sé i measc na gcainteoirí deireanacha Gaeilge sa cheantar sin i lár na hAlban atá sa leabhar. Murach a chuid oibre, bheadh mioneolas agus saineolas ar an gcanúint sin imithe le sruth na staire. (Rinne sé obair pháirce chomh maith in Uibhist a Deas i dtús na 1960idí le haghaidh Shuirbhé Teangeolaíochta na hAlban).[3]
- (1993) "Aspects of the Societal Status of Modern Irish" i The Celtic Languages; eagarthóirí: Martin J. Ball agus James Fife. (Routledge Language Family Descriptions.) Londain: Routledge
- (2000) "An Ghaeltacht mar réigiún cultúrtha: léargas teangeolaíoch" i Teanga, pobal agus réigiún; eagarthóirí: Liam Mac Mathúna, Ciarán Mac Murchaidh agus Máirín Nic Eoin. Baile Átha Cliath: Coiscéim
- (2001) Cumann Buan-Choimeádta na Gaeilge: tús an athréimnithe (Cois Life), a shaothar ar luathghluaiseacht na Gaeilge; léirigh sé go raibh fothaí na hathbheochana le fáil sa chumann sin i dtosach ach gan aon chreidiúint a bhaint ónar tháinig ina dhiaidh.[5]
- (2002) Ag Dul ó Chion: Cás na Gaeilge 1952-2002. (An aimsir óg. 1. Paimfléad.) Baile Átha Cliath: Coiscéim. Rianaíonn sé na claochluithe a tháinig ar pholasaí an stáit sa tréimhse sin agus an tslí ina raibh, dar leis, sinn lánullamh ar dhul chun cinn mór a dhéanamh i ndeireadh na 1960idí, ach gur lena linn sin go beacht a scaoileadh polasaithe níos dearfaí le sruth.[5]
- (2005) Dineen [sic] and Ó Donaill i Dinneen and the Dictionary; eagarthóir: Pádraigín Riggs. Londain: Cumann na Scríbheann nGaedhilge
- (2021) West Perthshire Gaelic.
Nasc seachtrach
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 "Fógra báis, An tOllamh Máirtín Ó Murchú (Dublin) | rip.ie" (en). rip.ie. Dáta rochtana: 2026-01-29.
- ↑ "Máirtín Ó Murchú" (en). Portraits of Irish-Language Writers. Dáta rochtana: 2026-01-29.
- 1 2 Ciarán Lenoach / Nuacht RTÉ (2026-01-29). "An tOllamh Máirtín Ó Murchú tar éis bháis" (as ga-IE).
- ↑ is é a chiallaíonn ná go bhféadfadh teanga amháin a bheith in uachtar i ngnéithe áirithe de shochaí dhátheangach seachas an ceann eile, agus go dtabharfadh a leithéid sin de leagan amach buntáiste don Ghaeilge ach é a chóiriú i gceart.
- 1 2 3 Alan Titley (24 Feabhra 2026). "Máirtín Ó Murchú, scoláire, ceannródaí agus duine uasal" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-02-24.
- ↑ Ó Murchú, M. East Perthshire Gaelic: Social History, Phonology, Texts, and Lexicon (1989) Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath ISBN 978-0-901282-93-4