Máirseáil an tSalainn
Cineál | gníomhaíocht dhíreach tax resistance (en) agóid neamhfhoréigneach | ||||
---|---|---|---|---|---|
Dáta na bliana | 1930 | ||||
Rannpháirtí | |||||
Meán cumarsáide | |||||
Tharla Máirseáil an tSalainn, nó Dandi Satyagraha, san India le linn 12 Márta - 5 Aibreán 1930, Sheol an gníomhaí síochána, Mahatma Gandhi "satyagraha" i gcoinne na gcánacha ar shalann a bhí i bhfeidhm. D'fhág an mháirseáil Ahmedabad ar 12 Márta, agus shiúil Gandhi agus a lucht leanúna 400 ciliméadar go dtí Dandi sa Ghúisearáit, áit a shroich siad ar 5 Aibreán 1930.
Shiúil na mílte Indiach in éineacht le Gandhi chun na farraige, mar ghníomh dúshlánach in aghaidh Rialtas na Breataine. Ba é ba chuspóir leis an Mháirseáil ná athshealbhú a dhéanamh ar shalann na hIndia do mhuintir na hIndia.[1]
Bhí Gandhi ag iarraidh cearta sibhialta agus neamhspleáchas na hIndia a bhaint amach do na hIndiaigh. Chuir an Bhreatain breis agus 60,000 duine i bpríosún mar thoradh air.[2] Ach bhí an feachtas 'Satyagraha' i measc na bhfeachtas ba rathúla maidir le smacht na Breataine ar an India a laghdú
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Kevin Hickey (2017). "‘Leis an ngrá a bhíonn an lá sa deireadh’ – comhairle thráthúil Gandhi" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-01-30.
- ↑ "Salt March: Definition, Date & Gandhi - HISTORY" (en). History.com. Dáta rochtana: 2023-04-05.