Máire Ní Scolaí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Máire Ní Scolaí

B'amhránaí clúiteach í Máire Ní Scolaí (24 Bealtaine 190929 Meitheamh 1985)[1] agus bhí aithne go forleathan ar a cuid amhránaíochta ní amháin in Éirinn ach thar lear freisin.

I mBaile Átha Cliath a rugadh í agus is ansin a chaith sí tús a hóige. Chuaigh sí chuig an Mhodhscoil Láir, áit ar chuir sí aithne ar an scoth-mhúinteoir Bean Uí Ghallchóir. Chuaigh sí ansin go dtí Coláiste na Rinne leis an teanga Ghaeilge a fhoghlaim. Ar na hoidí a bhí ann an uair sin bhí An Fear Mór, Nioclás Toibín agus Cormac Ó Cadhla. Tar éis sin tháinig sí féin agus a dreifiúr Móna go Gaillimh, áit ar bhaineadar clú amach dóibh féin ag múineadh amhránaíochta agus damhsaí Gaelacha.

I nGaillimh a casadh a fear céile uirthi, Liam Ó Buachalla. B'as Cúige Laighean dó agus bhí sé ina léachtóir i gColáiste na hOllscoile i nGaillimh ag an am. Chuir Máire Claisceadal an Choláiste ar bun, chuir sí dlús le Cór an Choláiste agus d'ullmhaigh sí iad i gcomhair 'feis agus fleadh', Feis Chonnacht agus Féile Luimní go háirithe. Bhí ar ceann de na chéad-amhránaithe a rinne craoladh ó 2RN agus chraol sí go minic tar éis sin ar Radio Éireann agus ar an BBC (Londain agus Albain).

Bhí dlúthbhaint aici le Taibhdhearc na Gaillimhe sna blianta tosaigh agus tá cuimhní geala ag Gaillimhigh ar an gcéad léiriúchán a rinneadh ann ar 'Diarmuid agus Gráinne' agus uirthi féin is ar Mhicheál Mac Liammóir i bpríomhpháirteanna an dhráma.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]