Lope de Vega

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Lope de Vega
LopedeVega.jpg
Saol
Ainm iomlánFélix Lope de Vega Carpio
Eolas breitheMaidrid, 25 Samhain 1562
NáisiúntachtAn Spáinn
BásMaidrid, 27 Lúnasa 1635
Cúis bháisFiabhras dearg (streptococcal infection (en) Aistrigh)
Muintir
Céile/CéilíIsabel de Alderete y Urbina (en) Aistrigh  (1588 -  1594)
Juana de Guardo (en) Aistrigh  (1598 -  1612)
Páistí
Oideachas
Alma materOllscoil Complutense
TeangachaAn Spáinnis
Gairm
Gairmdrámadóir, file, scríbhneoir agus aistritheoir
Saothar iomráiteachFuenteovejuna
GluaiseachtSpanish Golden Age (en) Aistrigh
Gluaiseacht ealaínefilíocht
amharclannaíocht
Cleamhnú
ReiligiúinEaglais Chaitliceach Rómhánach
IMDbnm0519822
Discogs ID962083
Firmas de Lope de Vega.png
Clúdach greannáin an fhile iomráitigh Lope de Vega Carpio, curtha le chéile ag Bernardo Grassa, 1604.

Ba dhrámadóir, file agus úrscéalaí Spáinneach é Félix Lope de Vega y Carpio (25 Samhain 1562 – 27 Lúnasa 1635) ar cheann de na filí agus drámadóirí ba thábhachtaí i Ré Órga litríocht Bharócach na Spáinne. Níl a cháil i saol na litríochta Spáinnise ach sa dara háit, tar éis Miguel de Cervantes,[1] cé go bhfuil líon ollmhór a aschuir liteartha gan sárú, rud a fhágann go bhfuil sé ar cheann de na húdair is bisiúla i stair na litríochta. Thug Cervantes an leasainm "Fénix de los Ingenios" agus " Monstruo de Naturaleza" air (Gaeilge:"Féinics na Deisbhéalaí" agus "Arracht an Dúlra") mar gheall ar a nádúr bisiúil.

D'athbheoigh Lope de Vega amharclannaíocht na Spáinne, tráth a raibh sí ag tosú amach mar fheiniméan ollchultúrtha. Shainmhínigh sé a príomhthréithe, agus in éineacht le Pedro Calderón de la Barca agus Tirso de Molina, thug sé amharclannaíocht Bharócach na Spáinne go dtí a buaic is airde. Mar gheall ar tuiscint, doimhneacht agus socracht a chuid drámaí, meastar go bhfuil sé ar dhuine de na drámadóirí is mó i litríocht an Iarthair, agus tá a chuid drámaí á léiriú ar fud an domhain. Measadh freisin go raibh sé ar dhuine de na filí lirice ab fhearr sa Spáinnis agus scríobh sé roinnt úrscéalta. Cé nach raibh aithne mhaith air i saol an Bhéarla, cuireadh a chuid drámaí i láthair i Sasana chomh luath leis na 1660idí, nuair a thaifead an dialannaí Samuel Pepys roinnt cóirithe agus aistriúchán orthu, cé nár luaigh sé an t-údar.

Colophon de El piadoso aragonés, lámhscríbhinn autograph, dar dáta agus sínithe ag Lope de Vega i Maidrid an 17 Lúnasa, 1626.

Cuireadh thart ar 3,000 shoinéad, trí úrscéal, ceithre nóibhille, naoi ndán eipiciúla, agus thart ar 500 dráma ina leith. Cé gur cáineadh é as cainníocht a chur chun tosaigh ar cháilíocht, mar sin féin meastar gur sárshaothair iad ar a laghad 80 dá chuid drámaí. Ba chara é leis an scríbhneoir Francisco de Quevedo agus ina dheargnamhaid leis an drámadóir Juan Ruiz de Alarcón. Chuir méid a shaothair éad air ní hamháin údair chomhaimseartha ar nós Cervantes agus Luis de Góngora, ach freisin go leor eile: mar shampla, ba mhian Johann Wolfgang von Goethe uair amháin go raibh sé in ann saothar chomh mór agus chomh ildaite sin a tháirgeadh.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Works of Lope de Vega".
  2. Cfr. Eckermann, Conversations with Goethe: in 1828 Eckermann recorded having a conversation about the extent of the author's works, in which Goethe expressed his admiration towards Lope's.