Long phlátáilte

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Lave, ceann de trí bhataire soghluaiste plátáilte de chuid cabhlach na Fraince, 1854. Réamhtheachtairí iad seo ar na longa phlátáilte.
Mionsamhail de La Gloire

Téarma ón 19ú céad ar long chogaidh a bhíodh cosanta ag plátaí iarainn is ea long phlátáilte. Bhí cuid díobh déanta ina hiomláine as iarann, agus níos déanaí, as cruach. Ba é an frigéad Francach La Gloire a lainseáladh i 1859, an chéad long phlátáilte san iarthar. An bhliain ina dhiaidh sin lainseáladh an chéad cheann Briotanach, Warrior.[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Long phlátáilte". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 418.