Lomé

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilLomé

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 6°07′55″N 1°13′22″E / 6.1319°N 1.2228°E / 6.1319; 1.2228
StáitTóga
Region of Togo (en) AistrighMaritime (en) Aistrigh
Maoracht i dTógaGolfe Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán837,437 (2010) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús9,304.86 hab./km²
Tíreolaíocht
Cuid deMaritime (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla90,000,000 m² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceMurascaill na Guine Cuir in eagar ar Wikidata
Airde10 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama

Is é Lomé príomhchathair Thóga agus an chathair is mó sa tír. Tá sé suite i ndeisceart na tíre ar chósta Mhurascaill na Guine, cóngarach do theorainn Ghána in oirthear na hAfraice. Lárionad riaracháin agus tionscail na tíre atá ann. Tá an calafort is mó sa tír ann freisin; easpórtáiltear caife, cócó, copra agus eithní pailme tríd. Tá scaglann ola ann chomh maith. Tá 837,437 duine ina gcónaí sa chathair féin agus 1,570,283 sa mhórcheantar uirbeach.

Ba sa 19ú haois a thosaigh trádálaithe Gearmánacha, Briotanacha agus Afraiceacha dul i mbun a gcuid gnó san áit ina bhfuil Lomé inniu. Rinneadh príomhbhaile na coilíneachta Gearmánaí, an Tógalainn, den lonnaíocht sa bhliain 1897. Tháinig an Fhrainc i gceannas ar an tír uilig mar thoradh ar an Chéad Chogadh Domhanda.

Nuair a bhain Tóga a neamhspleáchas ón bhFrainc amach sa bhliain 1960, bhí cónaí ar 80,000 duine in Lomé. Faoin mbliain 1970 bhí cónaí ar 200,000 duine ann.


Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]