Loscadh Teach an Chustaim, 1921
| ||||
Cineál | coinbhleacht | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | Cogadh na Saoirse | |||
Dáta na bliana | 25 Bealtaine 1921 | |||
Tharla Loisceadh Teach an Chustaim ar an 25 Bealtaine 1921 i rith Chogadh na Saoirse. Dódh an foirgneamh go talamh. Mar shuíochán rialtais áitiúil na Breataine in Éirinn, ba thargaid shiombalach é Teach an Chustaim. Tharraing ionsaí an IRA ar Theach an Chustaim poiblíocht ar fud an domhain. Ach ba dhaor a d’íoc siad as.[1]
Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar chomhairle Éamon de Valera a rinneadh an t-ionsaí. Bhí tréimhse caite ag Dev i Meiriceá ag cur cúis na Poblachta chun cinn. D’éirigh go maith leis thall ach níorbh fhada a bhí sé ar ais sa mbaile in Éirinn nuair a thosaigh sé ag rá go n-éireodh níb fhearr leis murach an modh treallchogaíochta a bhí ag na hÓglaigh. Bhí easpa lón cogaidh orthu agus ba rímhaith a thuig siad go dteastódh slua mór trodaithe le cath oscailte a chur ar arm chomh cumhachtach le harm na Breataine. Ba é an rud ba chríonna, dá bhrí sin, fórsaí an namhad a ionsaí san áit ba laige a bheidís, sléacht a dhéanamh orthu an lá sin agus éalú as an mbealach ar an bpointe boise. Seo é a rinneadh i gCill Mhichíl agus i gCrois an Bharraigh.[2]
Níor aontaigh Dev leis an gcur chuige sin. Dhearbhaigh sé nach dea-cháil a bhí ag teacht i Meiriceá as a bheith ag marú corrbhall den RIC anois agus arís. Go deimhin bhí daoine i Meiriceá ag tabhairt dúnmharfóirí ar na hÓglaigh dá bharr, a dúirt sé. Mheas sé gurbh fhearr i bhfad ó thaobh na poiblíochta de cúpla cath mór feiceálach a chur ar na Sasanaigh — cathanna a mbeadh 500 fear ar an dá thaobh. Glacadh go drogallach le moladh Dev agus roghnaíodh Teach an Chustaim leis an moladh a chur i ngníomh.
Is teannach leis an staraí Tim Pat Coogan a dhéanamh amach go raibh baint ag moladh Dev leis an teannas a bhí cheana féin idir Dev agus Micheál Ó Coileáin. Faoi cheannas Mhichíl Uí Choileáin a bhí Óglaigh Bhaile Átha Cliath.[2]
Imeachtaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar an 25 Bealtaine 1921, shealbhaigh na hÓglaigh Teach an Chustaim i mBaile Átha Cliath agus chuir siad an foirgneamh ar fad trí thine. 250 a bhí páirteach san ionsaí.[3]
Nuair a bhí na hÓglaigh ag bailiú taobh amuigh de Theach an Chustaim deirtear gur tháinig Micheál Ó Coileáin an bealach ar rothar, scéal aisteach más fíor.[2]
Rinne páirtí an IRA ó Bhaile Átha Cliath de níos mó ná 100 fear an dó agus OC (Oifigeach i gCeannas) Bhriogáid Átha Cliath, Oscar Traynor, ag déanamh maoirseachta air. Bhí sé dodhéanta an foirgneamh a chur trí thine agus é a aslonnú sular tháinig na fórsaí Briotanacha ar an láthair. Fuair cúigear óglach an IRA bás, gortaíodh triúr agus bhí na dosaenacha acu i measc caoga duine is céad faoi amhras a gabhadh ag Fórsaí na Corónach.[4]
Mhair an tine cúig lá. Ba mhór an chaill é scrios an fhoirgnimh; scriosadh an taobh istigh den fhoirgneamh agus taifid rialtais a chuaigh siar cúpla céad bliain.[5]
Iarmhairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Lagaíodh go tromchúiseach an ASU (Aonad Fiannais) agus 2ú Cathlán Bhaile Átha Cliath mar thoradh air sin agus tháinig na gníomhaithe a bhí fágtha le chéile chun Garda Bhaile Átha Cliath a chruthú.
Is é an cuspóir a bhí leis an ngníomh siombalach seo ná a thaispeáint don Rialtas go gcaithfidís a ngreim a scaoileadh d'Éirinn. Is é an rud a thaispeáin siad, i ndáiríre, ná nach raibh na hÓglaigh ábalta na Sasanaigh a chur i sáinn gan dul i dtuilleamaí na treallchogaíochta. Sin ráite, fógraíodh sos cogaidh idir an IRA agus fórsaí na Corónach ar an 8 Iúil 1921,[6] a tháinig i bhfeidhm ag meán-lae ar an 11 Iúil 1921.
I ndiaidh an ionsaithe seo cuireadh Óglaigh Bhaile Átha Cliath faoi cheannas an Aire Cosanta Cathal Brugha. Ar ndóigh bhí an-tionchar ag Dev ar Chathal Brugha.[2]
Mhair creatlach an fhoirgnimh agus rinne Oifig na nOibreacha Poiblí é a athbhunú déanach sna 1920idí.[5] Cuireadh obair athchóiriúcháin i gcrích faoi 1928 (agus arís sna 1980idí).
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ An Phoblacht (2021-07-30). "Centenary of the Burning of the Custom House". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-07-30. Dáta rochtana: 2024-05-25.
- ↑ 2.0 2.1 2.2 2.3 Seosamh Ó Cuaig (25 Bealtaine 2021). "Cothrom an lae inniu céad bliain ó shin a ionsaíodh Teach an Chustaim" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-05-25.
- ↑ Des White (2020-07-01). "Fire Places: Part 4 - Where Burning Plans Were Made" (en). The Clock Is Still Going. Dáta rochtana: 2024-05-25.
- ↑ UCC (2015). "Acmhainní do Scoileanna / AONAD 7: Leabhar Tionscadail na hIdirbhliana: COGADH NA SAOIRSE 1919-21". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2023-08-17. Dáta rochtana: 2024.
- ↑ 5.0 5.1 Tithe an Oireachtais (2023-06-23). "Sa chás taispeántais" (ga-IE). www.oireachtas.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-04-04. Dáta rochtana: 2024-05-25.
- ↑ Padraig Og O. Ruairc (2016-01-22). "Truce: Murder, Myth and the Last Days of the Irish War of Independence" (as English). Cork, Ireland: The Mercier Press Ltd.