Loingsech mac Colmáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaLoingsech mac Colmáin
Beathaisnéis
Bás655
Teaghlach
AthairColmán mac Cobthaig
SiblínGuaire Aidhne mac Colmáin

Rí na gConnacht de chlann Uí Fhiachrach Aidhne ba ea Loingseach mac Colmáin (Sean-Ghaeilge LoingsechLaidgnén mac Colmáin) (bás 655[1]). Colmán mac Cobthaig, iar-rí, ba ea a athair.[2]

Tá a dheartháir, Guaire Aidhne (bás 663) luaite sna hannála mar gheall ar eachtraí roimh an mbliain 649. D'fhéadfadh é gur éirigh Guaire as ríogacht Uí Fhiachrach Aidhne tar éis a chliste ag Cath Charn Conaill.[3] Tháinig Loingseach i gcomharbacht ar Raghallach mac Uadach (bás 649) Uí Bhriúin mar rí Connacht sa bhliain 649. Feictear Loingseach sna ríliostaí, ach ní fheictear a thásc ach i nAnnála Tiarnaigh.[4]

Tá fianaise ann faoi choimhlint idir Uí Fhiachrach Aidhne agus Uí Bhriúin le dhá eachtra a tharla le linn a réimis. Sa bhliain 653, maraíodh Marcán mac Tommáin, rí Uí Mhaine agus chomhghuaillí Uí Fhiachrach Aidhne, ag troid in Iarthair Seola ag Ceann Faoladh mac Colgan (bás 682) agus Máenach mac Báethíne Uí Bhriúin. Sa bhliain 654, maraíodh Fearghas mac Raghallaigh (bás 654) ag Uí Fhiachrach Aidhne.

Ní raibh sliochtach ar bith ag Loingseach agus tháinig Guaire i gcomharbacht ar mar rí Chonnacht.

The Fate of the Children of Lir[cuir in eagar | athraigh foinse]

féach freisin Oidheadh Chlainne Lir

Luaitear Loingsech san aistriúchán le Lady Gregory den scéal The Fate of the Children of Lir, mar "Lairgren, son of Colman, son of Cobthach". Nuair a phós sé Deoch ní Fhinghín, deirtear gur tháinig le chéile fear ón tuaisceart agus bean ón deisceart, agus dá bharr briseadh an mhallacht 900-bliain ar chlann Lir agus aistríodh iad ar ais i riocht daonna.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Annála Tiarnaigh
  • T. M. Charles-Edwards, Early Christian Ireland
  • Francis J.Byrne, Irish Kings and High-Kings
  • Daniel P. McCarthy, The Chronology of the Irish Annals

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Daniel P. McCarthy, The Chronology of the Irish Annals,
  2. Francis J. Byrne, Irish Kings and High-Kings, Tábla 18
  3. Byrne, lch. 240
  4. Annála Tiarnaigh, AT 655.6


Réamhtheachtaí
Colmán mac Cobthaig
rí Uí Fiachrach Aidhne
622–655
Comharba
Guaire Aidne mac Colmáin
Réamhtheachtaí
Rogallach mac Uatach
Ríthe na gConnacht
649–655
Comharba
Guaire Aidne mac Colmáin