Lig Sinn i gCathú
| Cineál | saothar liteartha |
|---|---|
| Cárta innéacs | |
| Údar | Breandán Ó hEithir |
| Teanga | an Ghaeilge |
| Foilseachán | Éire, 1976 |
| Foilsitheoir | Sáirséal agus Dill |
| Seánra | úrscéal |
| Eile | |
| Uimhir OCLC | 4494564 |
Is úrscéal le scríbhneoir Gaeilge Breandán Ó hEithir é Lig Sinn i gCathú. Is fáthscéal tábhachtach é faoi shaol an mhic léinn agus tá sé ar na húrscéalta is fearr sa seánra Künstlerroman.
Tá an scéal suite i mbaile ficseanúil darb ainm “Baile an Chaisil”, cé gur léir gurb é cathair na Gaillimhe atá i gceist. Tarlaíonn an scéal um Cháisc in 1949, an bhliain ar fógraíodh Poblacht na hÉireann agus ar fhág an tír an Comhlathas.
An scéal
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá Máirtín Ó Méalóid, mac léinn ollscoile, agus na rógairí atá ina gcairde aige róthógtha leis an ragairne agus leis an gcraiceann le mórán airde a thabhairt ar an eachtra thábhachtach stairiúil sin. Tá Máirtín ag iarraidh idir shaol an mhic léinn agus saol an drabhláis a chleachtadh. Is deireadh seachtaine cinniúnach é seo i saol Mháirtín. Ní fios an ndéanfaidh sé athmhuintearas lena mhuintir nó an gcromfaidh sé choíche ar an staidéar.
Is tagairt don Ár nAthair é teideal an leabhair:
- Agus maith dúinn ár bhfiacha,
- Mar a mhaithimidne dár bhféichiúna féin,
- Agus ná lig sinn i gcathú
- Ach saor sinn ó olc.
Glacadh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Úrscéal greannmhar é ó dhuine de na hiriseoirí ba mhó cáil lena linn. Thug Alan Harrison tour de force ar Lig Sinn i gCathú agus oilithreacht ar bun ag an bpríomhcharachtar ann ‘ó mhíshuaimhneas a laethanta ollscoile go dtí an tuiscint agus an léargas searbh a shaorann é ónar bhain lena shaol go dtí sin’.
| 'Tá mé tinn tuirseach den bhloody Poblacht seo atá ag teacht isteach Dé Luain,' arsa Mungail de Róiste. 'An bhfuil duine ar bith in ann a rá liom cén fáth go bhfuil sé dá thabhairt isteach? Cén difir sa diabhal a dhéanfaidh sé? [...]
'Foc all,'[1] |
Aistríodh an t-úrscéal go Béarla faoin teideal Lead Us Into Temptation agus go Gearmáinis ina dhiaidh sin.
Cuireadh ar a laghad trí leagan amharclainne den úrscéal ar stáitse.[2]
Maítear go minic gurb é Lig Sinn i gCathú an t-aon leabhar Gaeilge riamh a bhí ag barr liosta na leabhar is mó díol, cé go mb'fhéidir nach bhfuil sé sin fíor.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Breandán Ó hEithir
- Lá i gCathú (imeacht cheiliúrtha an scéil)
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Breandán Ó hEithir (1982). "Caibidil 2". Lig Sinn i gCathú: lch 75. BÁC: Sáirséal • Ó Marcaigh.
- ↑ "SEARCH FOR A PLAY – PlayographyIreland" (en-US). Dáta rochtana: 2024-02-12.
Léitheoireacht bhreise
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Gairbhí, Seán Tadhg Ó (eag.) (Meitheamh 2026). Comhar 86 (6).