Liana


Is éard is liana ann ná dreapaire fadghasach adhmadach atá fréamhaithe san ithir ag leibhéal na talún agus a úsáideann crainn, chomh maith le modhanna eile tacaíochta ingearacha, chun dreapadh suas go dtí an ceannbhrat chun rochtain a fháil ar cheantair dea-soilsithe den fhoraois. Is saintréith de chuid na bhforaoisí duillsilteacha taise trópaiceacha (go háirithe foraoisí séasúracha), ach tá siad le fáil i bhforaoisí báistí measartha agus i bhforaoisí duillsilteacha measartha. Bíonn lianaí measartha ann freisin, mar shampla baill na ngéine ''Cleiméatas'' nó Vitis (fíonchaor fhiáin). Is féidir le lianaí droichid a fhoirmiú i measc ceannbhrat na foraoise, ag soláthar cosáin ar fud na foraoise d’ainmhithe crannacha. Féadann na droichid seo crainn níos laige a chosaint ar ghaoth láidir. Bíonn Lianaí san iomaíocht le crainn fhoraoiseacha le haghaidh solas na gréine, uisce agus cothaithigh ón ithir.. [1] Táirgeann foraoisí gan lianaí 150% níos mó torthaí; bíonn dóchúlacht faoi dhó ag na crainn a bhfuil lianaí acu bás a fháil..
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Schnitzer (2002). "The ecology of lianas and their role in forests". Trends in Ecology and Evolution 17 (5): 223–230. doi: .