Leanbh promhadáin
Jump to navigation
Jump to search
Gnáth-théarma a chiallaíonn toirchiú in vitro agus athshuíomh an tsutha.[1] Ciallaíonn In-vitro ‘i ngloine’.
Cóireáil is ea é ar neamhthorthúlacht, go háirithe nuair a bhíonn damáiste déanta do na feadáin útaracha nach féidir a dheisiú. I gcás mar sin,[2]
- Tugtar drugaí don bhean chun ubhsceitheadh a spreagadh. Níos cruinne fós, tugtar hormóin a spreagann foirmiú 2+ uibheacha san ubhagán.
- Díreach roimh ubhsceitheadh, faightear roinnt de na hubháin a fhuasclaítear ó dhromchla na n-ubhagán le laparascóp. Úsáidtear snáthaid chun na huibheacha a bhaint amach. Cuirtear i meán cuí cothaitheach iad, agus cuirtear na speirmeacha leo ansin.
- Tar éis 40 uair, déantar na hubháin a scrúdú chun déanamh cinnte de go bhfuil siad toirchithe.
- Cuirtear roinnt uibheacha toirchithe i mbroinn na máthar ag súil go dtarlóidh ionphlandú do cheann dóibh. Ansin aistrítear ubhán toirchithe (4-8 cill) ar ais don bhroinn tríd an bhfaighin is an ceirbheacs.
- Ansin leanfaidh gnáth-thoircheas b'fhéidir. Tarlaíonn toircheas rathúil i 10-20% de na cásanna.
Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]
Rugadh an chéad leanbh triaileadáin, Louise Browne, ar an 25 Iúil 1978. Saolaíodh an leanbh trí ghearradh Caesarach.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ COGG. "Atáirgeadh Gnéasach". Dáta rochtana: 2019.
- ↑ Patreskovic (2009-05-04). "3D animation of how IVF works".
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |