Cataitéar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cataitéar

Feadán mín, déanta as rubar nó ábhar sintéiseach, le cur isteach i gcuais colainne cosúil leis an lamhnán, na fuileadáin, seomraí an chroí, agus conairí na riospráide. Stíleas sreinge istigh ann chun é a dhéanamh docht le cur isteach is a dhíriú don ionad ceart, go minic faoi íomháú fluarascópach X-ghathach. Úsáidtear é chun sreabháin nó drugaí a sholáthar, fuilsreabhán eile nó bithóipse a tharraingt amach le tástáil, nó tomhais éagsúla — brú, ráta sreafa is eile — a dhéanamh chun galair a dhiagnóisiú.