Jump to content

Máthairionadaíocht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Muintir Drewitt-Barlow in 2011... agallamh conspóideadh anseo le Brendan O'Connor i mBaile Átha Cliath[1]

Is é atá i gceist le máthairionadaíocht[2] suth a chur in útaras máthair ionaid. B’fhéidir gur uibheacha na máthar ionaid a d’úsáidfí, nó b’fhéidir nach mbeadh aon cheangal géiniteach aici leis an leanbh atá sí a iompar. Tabharfar an leanbh don lánúin atá leis an leanbh a thógáil go gairid i ndiaidh na breithe.[3] Deirtear, "máthair ionaid a shaolaigh a leanbh" nó "bean eile a d'iompair a leanbh dóibh".

Tá dhá chineál máthairionadaíochta ann:

1. Máthairionadaíocht thraidisiúnta (a dtugtar páirt-mháthairionadaíocht uirthi chomh maith)

Sa chás seo, úsáidtear uibheacha na máthar ionaid. Is féidir gur speirm deontóra a úsáidfear le hiad a thoirchiú nó speirm ón pháirtí fireann a d’iarr an mháthairionadaíocht. De ghnáth, aistrítear an speirm go díreach go hútaras na máthar ionaid, trí chineál IUI, sa dóigh go dtarlaíonn toirchiú go nádúrtha.

2. Máthairionadaíocht iompair (ar a dtugtar máthairionadaíocht iomlán chomh maith)

Sa chineál seo máthairionadaíochta, ní úsáidtear uibheacha na máthair ionaid féin agus ní bheidh ceangal géiniteach ar bith aici leis an leanbh. Cruthaítear suth trí TIV, a ionchlannaítear ansin san útaras.[3]

Nuair a thagann an leanbh ar an tsaol in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe, is í an mháthair ionaid a mheastar a bheith ina máthair aige ó thaobh an dlí de agus is é a hainmse a chuirtear ar an teastas breithe. Caithfidh an lánúin atá ag dul a thógáil an linbh (a dtugtar an lánúin choimisiúnaithe orthu) an páiste a uchtú taobh istigh de sé mhí agus ansin athraítear an teastas breithe. Nuair a bheas an páiste 18 mbliana, áfach, thig leis/léi iarratas a dhéanamh an teastas breithe bunaidh a fheiceáil lena fháil amach cérbh í an mháthair ionaid.

De réir an Údarás um Thoirchiú agus Shutheolaíocht Dhaonna[4] sa Ríocht Aontaithe,[5] tá máthairionadaíocht dleathach má dhéantar í ar mhaithe le haltrúchas. Ciallaíonn sé sin nach mbeadh an bhean ina máthair ionaid ar mhaithe le hairgead, ach de bhrí gur mhaith léi cuidiú le lánúin gan leanbh, leanbh a bheith acu. Is féidir, áfach, costais a íoc léi i rith an toirchis le costas na n-éadaí máithreachais, iompair le haghaidh coinní míochaine, agus bia cothaitheach a chlúdach, mar shampla. In amanna b’fhéidir go mbeadh cara nó ball teaghlaigh sásta bheith ina máthair ionaid do lánúin.[3]

Buntáistí le máthairionadaíocht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

• Do roinnt lánúineacha, is í máthairionadaíocht an t-aon mhodh is féidir leo páiste a bheith acu de bhrí nár éirigh le cóireáil TIV agus nach bhfuil an t-uchtú fóirsteanach dóibh. Is féidir go bhfuil fáthanna sláinte ann a fhágann nach bhfuil bean ábalta páiste a iompar trí thoircheas. Is féidir gur máthairionadaíocht an freagra ar bhlianta d’iarrachtaí gan rath clann a fháil.

• I gcás máthairionadaíochta, tá an fhéidearthacht ann go mbeadh na gnéithe géiniteacha céanna ag an leanbh agus a bheadh ag duine de na tuismitheoirí nó ag beirt acu, ní hionann agus an cás i dtaca le huchtú de.

• Is féidir le lánúin chomhghnéis páiste a bheith acu trí mháthairionadaíocht. D’fhéadfadh beirt fhear a bhfuil caidreamh eatarthu máthair ionaid a choimisiúnú, agus soláthróidh duine acu an speirm.[3][1]

Sochaí an tomhaltais

Ní i gcónaí a tharlaíonn máthairionadaíocht ar mhaithe le haltrúchas. In áiteanna áirithe ar domhan, tá máthairionadaíocht ar mhaithe le hairgead dleathach agus is gnó ollmhór brabúsach anois é. Tá imní ar a lán daoine go gcaitear le páiste sa phróiseas seo mar earra ar féidir díol as. Is féidir go mbeidh dúshaothrú i gceist i gcás mná óga atá i mbochtanas.[1]

• Aontaíonn na príomheaglaisí Críostaí uilig go bhfuil an mháthairionadaíocht mímhorálta agus nár cheart páistí a chruthú ar mhaithe le huchtú. Tugann an Eaglais Chaitliceach Rómhánach “mímhoráltacht thromchúiseach” ar an mháthairionadaíocht (Teagasc Críostaí na hEaglaise Caitlicí 2376)[6] mar go bhfuil daoine breise á dtabhairt isteach i gcaidreamh an phósta agus i gcruthú páiste.

• Go minic bíonn teicnicí TIV i gceist leis an mháthairionadaíocht, agus mar sin de, beidh na daoine siúd a chuireann in éadan cruthú agus scrios ‘suthanna breise’ go morálta, ag cur in éadan máthairionadaíochta ar na fáthanna céanna seo.

• Tá imní faoin mháthairionadaíocht fosta ar dhaoine nach gcuireann reiligiún san áireamh ina ndearcadh. D’fhéadfadh sé go mbeadh fadhbanna féiniúlachta ag an pháiste dá bharr níos faide anonn ina saol; b’fhéidir go mbeadh air glacadh leis go bhfuil suas le triúr máithreacha aige (an mháthair ionaid, an bhean a sholáthair an ubh agus an mháthair atá ag tógáil an pháiste) agus beirt aithreacha (an duine a sholáthair an speirm agus an t-athair atá ag tógáil an pháiste).

• Tá cásanna ann nuair a nasc an mháthair ionaid leis an leanbh agus a dhiúltaigh sí an leanbh a thabhairt suas don lánúin choimisiúnaithe. Bhí sé seo ina chúis le deacrachtaí dlí faoi úinéireacht an linbh.[3]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 Físeán Brendan O'Connor ar ohaganfr (2012-11-20). "Gay couple & 5 surrogate kids. Adoption, surrogacy, Ireland,Irish referendum,RTE ,Gay marriage". 
  2. i mBéarla, surrogacy
  3. 3.0 3.1 3.2 3.3 3.4 ccea.org.uk (2015). "FORBAIRTÍ I mBITHEITIC". Dáta rochtana: 2024.
  4. "Human Fertilisation and Embryology Authority" (en). GOV.UK (2013-06-28). Dáta rochtana: 2024-08-09.
  5. i mBéarla, Human Fertilisation and Embryology Authority (HFEA)
  6. "The Difference Between Love and Surrogacy". Catholic Answers. Dáta rochtana: 2024-08-09.