Cás Naíonáin Chiarraí
Cineál | imscrúdú coiriúil |
---|---|
Dáta na bliana | 1984 |
Tír | Éire |
Líon básanna | 1 |
Imscrúduithe ag | Garda Síochána |
Ag 8.30pm, ar 14 Aibreán 1984, thángthas ar chorp linbh, 5 lá d’aois, ar an Trá Bhán, i gCathair Saidhbhín. Briseadh droim an linbh, agus sádh sa chroí é. Bhí 28 créacht scine ar a chorp.
Tugadh "Baby John" ar an leanbh.
Cuireadh i leith Joanne Hayes go héagórach, bean as Co Chiarraí, gur mharaigh sí an leanbh nuabheirthe. Rugadh leanbh dí; Shane a bhí tugtha air ach bhásaigh sé ar chúiseanna nádúrtha,
Tugadh Cás Leanaí Chiarraí nó Cás Naíonáin Chiarraí (Béarla: Kerry babies case) ar an scannal. Is iad Shane agus John atá i gceist nuair a dhéantar tagairt go "Leanaí Chiarraí".[1]
Imeachtaí 1984
[cuir in eagar | athraigh foinse]Le linn an fhiosrúcháin, mhaígh na Gardaí gur le Joanne Hayes, a bhí 24 bliain d’aois ag an am, an leanbh a aimsíodh ar an Trá Bhán, 75 ciliméadar ó bhaile na mná óig i Mainistir Ó dTorna, agus gurb í a dhúnmharaigh ‘Baby John’.[2] Cuireadh i leith Joanne Hayes agus a teaghlaigh ar dtús gurbh iadsan a bhí freagrach as bás John.
Fuarthas amach go raibh sí ag iompar ach nach raibh aon pháiste aici. Cuireadh tuairisc faoi bhráid na nGardaí i 1984 go raibh Joanne Hayes ag súil le leanbh sula dtángthas ar chorp John ar an trá, ach nach raibh fianaise ar bith ann go raibh leanbh nuabheirthe ag Joanne í féin.
Sa deireadh, thaispeáin Joanne do na Gardaí an áit ar adhlaic sí a maicín, a bhásaigh go luath tar éis a shaolaithe agus a adhlacadh ar fheirm an teaghlaigh.[3] Thángthas ar chorp leanbh Joanne ar fheirm a muintire. Shane a bhí tugtha air agus bhásaigh sé ar chúiseanna nádúrtha, a dúirt Joanne.
Ach fós leanadh de na líomhaintí. Nuair a gabhadh agus a cúisíodh í i ndúnmharú i 1984, maíodh gur thug sí beirt pháistí le beirt fhear éagsúil ar an saol, creid nó ná creid.[2]
Fiosrúcháin agus leithscéal
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ní raibh caighdeán an fhiosrúcháin a rinneadh faoin gcás sna hochtóidí sách maith. Níos déanaí, bunaíodh Binse Fiosrúcháin Leanaí Chiarraí chun iompar na nGardaí sa gcás a fhiosrú – fiosrúchán a cáineadh go géar faoin mbealach ar ceistíodh finnéithe agus líomhaintí gan fianaise a dhéanamh, cé gur chun iompar na nGardaí a fhiosrú a bunaíodh an Binse Fiosrúcháin.[3][4]
Ar 16 Eanáir 2018, b'éigean do na Gardaí leithscéal a dhéanamh.[5] Dúirt an Ceannfort Flor Murphy, gur údar mór aiféala do na Gardaí gur thóg sé an fad seo orthu a dheimhniú nach í Joanne Hayes máthair an linbh. Ghabh na Gardaí a leithscéal léi as an strus agus as an bpian a d'fhulaing sí i gcaitheamh na mblianta.[6]
Níor ghabh an stát leithscéal oifigiúil le Joanne go dtí 2020. Bhí leithscéal gafa ag an Taoiseach Leo Varadkar thar ceann an Stáit le Joanne Hayes faoinar fhulaing sí.[7][8]
2023
[cuir in eagar | athraigh foinse]Gabhadh beirt ar 23 Márta 2023 i ndiaidh d'eolas nua teacht chun cinn le linn athbhreithnithe de chuid scuad na bhfuarchásanna.[1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 Nuacht RTÉ (2023-03-24). "Bean a bhí á ceistiú maidir le bás an linbh "John" scaoilte saor" (as ga-IE).
- ↑ 2.0 2.1 "Pléifear cúiteamh do Joanne Hayes agus leithscéal gafa léi ag an Taoiseach thar ceann an Stáit" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-04-15.
- ↑ 3.0 3.1 "Leithscéal gafa le Joanne Hayes agus a muintir faoi chás Leanaí Chiarraí" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-04-15.
- ↑ Dónall Ó Maolfabhail (M.F. 2005). "Drochiompar na nGardaí: níl páirtithe an fhreasúra gan locht" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2022-04-15.
- ↑ Breandán Delap (30 Nollaig 2015). "‘We have paid £1 million for a work of fiction’ – léargas nua ar ‘Chás Naíonáin Chiarraí’ i gcáipéisí Stáit" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-04-14.
- ↑ Nuacht RTÉ (2018-01-16). "Leithscéal gafa go poiblí ag na Gardaí le Joanne Hayes" (as ga).
- ↑ Nuacht RTÉ (2018-01-17). "Leithscéal gafa ag an Taoiseach le Joanne Hayes" (as ga).
- ↑ Siún Ní Dhuinn (2018-01-19). "Scéal naíonáin Chiarraí: "Céasadh an bhean óg sin. Céasadh í.""" (as ga). An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.