Lampyris noctiluca
Cuma
Tacsanomaíocht | |
---|---|
For-ríocht | Holozoa |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Arthropoda |
Aicme | Insecta |
Ord | Coleoptera |
Fine | Lampyridae |
Géineas | Lampyris |
Speiceas | Lampyris noctiluca (Linnaeus, 1767) |
Ainmníocht | |
An chéad ainm Laidine a bhí air | Cantharis noctiluca |
Is é Lampyris noctiluca an speiceas tíopúil den ghéineas Lampyris agus den fhine Lampyridae.[1] Is ciaróga bithlonracha iad, agus tugtar breochruimh orthu go coitianta (Béarla: common glow-worm), cé go n-úsáidtear an téarma seo ar go leor speiceas bithlonrach eile (féach breochruimh).
Faightear an chiaróg seo sa Phortaingéil agus in Éirinn san iarthar, ar fud na hEorpa, na hAfraice agus na hÁise go dtí an tSín san oirthear. Maireann sé níos faide ó thuaidh ná aon lampróg eile, i ngar don Chiorcal Artach. Níl sé le fáil i Meiriceá Thuaidh, i Meiriceá Theas, san Áise Theas, san Astráil ná san Antartaice.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Linnaeus C (1758) Systema Naturae per regna tria naturæ, secundum classes, ordines, genera, species, cum characteribus, differentiis, synonymis, locis, Tomus I. Editio decima, reformata. Holmiæ: impensis direct. Laurentii Salvii. i–ii, 1–824 pp doi:10.5962/bhl.title.542: 400