Breochruimh
Téarma coitianta ar ghrúpaí éagsúla larbhaí feithidí agus baineannaigh aosacha larbhaíchruthacha a bhreonn trí bhithlonracht is ea breochruimh (Gaeilge na hAlban: cnuimh-gheal)[1] . Ina measc tá Lampyris noctiluca agus baill eile de na Lampyridae (na lampróga), ach tarlaíonn bithlonracht freisin sna finte Elateridae, Phengodidae agus Rhagophthalmidae i measc na gciaróg; chomh maith le baill den ghéineas Arachnocampa, Keroplatus agus Orfelia sna Keroplatidae (na cuileanna fungais).
Ciaróga
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá ceithre fhine de chiaróga bithlonracha. Is gnách go dtugtar "lampróga" nó "breochruimheanna" ar na larbhaíchruthacha baineannaigh agus ar larbhaí na speiceas bithlonrach seo. Féadfaidh nó ní fhéadfaidh fireannaigh bithlonracht a léiriú freisin. D’fhéadfadh an solas acu a bheith ag ligint amach mar splancacha, nó mar bhreo seasmhach, agus de ghnáth i raon dathanna ó ghlas, buí, go flannbhuí. Tá dlúthghaol ag na bhfinte, agus tá siad go léir ina mbaill d'ollfinte na gciaróg, Elateroidea. Thug anailísí fílighinéiteacha le fios go bhféadfadh bunús éabhlóideach amháin a bheith ag an bhithlonracht i measc na bhfinte Lampyridae, Phengodidae, agus Rhagophthalmidae; ach is dócha gur tháinig sí chun cinn go neamhspleách i measc na nElateridae.[2]
- An fhine Elateridae – As an 10,000 speiceas measta a aicmítear faoin fhine seo, tá timpeall 200 speiceas ó réigiúin thrópaiceacha Mheiriceá agus roinnt oileán Meilinéiseach bithlonrach. Tá gach ceann acu ina mbaill den fhofhine Pyrophorinae, ach speiceas amháin, Campyloxenus pyrothorax, a bhaineann leis an fhofhine Campyloxeninae, agus Balgus schnusei.[3]
- An fhine Lampyridae – Fíor breochruimheanna. Tá timpeall 2,000 speiceas le fáil ar fud an domhain. Tá roinnt "breochruimheanna" san fhine seo.[4]
- An fhine Phengodidae – Fine ciaróg san ollfhine Elateroidea is ea Phengodidae. Tá a larbhaí agus baineannaigh bithlonrach.Tá timpeall 230 speiceas ann atá eindéimeach san Domhan Nua. Áirítear leis an bhfine seo freisin an géineas Phrixothrix, atá uathúil i measc gach orgánach bithlonrach trastíre sa mhéid is go dtáirgeann sé solas dearg..[5]
- An fhine Rhagophthalmidae – Tá timpeall 30 speiceas le fáil san Áise. Níor réitíodh bailíocht na fine seo go hiomlán. Measadh roimhe seo gur fhofhine de Phengodidae é Rhagophthalmidae sular caitheadh leis mar fhine ar leith. Creideann roinnt údar anois gur chóir é a aicmiú faoi Lampyridae.
-
Phengodidae: Larbha nó baineannach larbhach de Zarhipis integripennis
-
Lampyridae: breochruimh choitianta bhaineannach Lampyris noctiluca ó Assos, an Tuirc
-
Elateridae: breochruimh fhireannach Pyrophorus noctilucus ó Iamáice
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““breochruimh” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-01-23.
- ↑ Yuichi Oba (2014). "Insect Molecular Biology and Ecology". CRC Press.
- ↑ Costa, C. (1984) Note on the bioluminescence of Balgus schnusei (Heller, 1914) (Trixagidae, Coleoptera). Revista Brasileira de Entomologia 28: 397–398.
- ↑ "Glow Worm - Description, Habitat, Image, Diet, and Interesting Facts".
- ↑ "Terrestrial Bio luminescence: Biological and Biochemical Diversity".