Laming Worthington-Evans
Cuma
Polaiteoir Sasanach ab ea Laming Worthington-Evans ( 23 Feabhra 1868 – 14 Deireadh Fómhair 1931).
Rugadh Laming Worthington-Evans in Kent agus cuireadh oideachas air i gColáiste Eastbourne. Aturnae a bhí ann ó thaobh gairme, toghadh é ina Fheisire Coimeádach do Colchester i 1910, suíochán a choinnigh sé ar feadh 19 mbliana. Rinneadh bairnéad de sa bhliain 1916, bhain sé áit amach ar an Ríchomhairle i 1918, ceapadh é ina aire pinsean i mí Eanáir 1919 agus ina aire gan phunann a raibh suíochán Rialtais aige i mí Aibreáin 1920. Ceapadh é ina rúnaí stáit cogaíochta i mí Feabhra 1921, agus ba sa cháil sin a thug sé seirbhís mar dhuine d'idirbheartaithe na Breataine i ndáil le próiseas idirbheartaíochta an Chonartha.