Jump to content

Lúthchleasaíocht ag Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 1904 — maratón

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtLúthchleasaíocht ag Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 1904 — maratón
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 38° 38′ N, 90° 12′ O / 38.63°N,90.2°W / 38.63; -90.2
Cineálcomórtas Oilimpeach Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid delúthchleasaíocht ag Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 1904 Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse30 Lúnasa 1904 - 
Dáta na bliana1904 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhSt. Louis, Missouri Cuir in eagar ar Wikidata
Líon na rannpháirtithe32 Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
Spórtlúthchleasaíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Buaiteoir
Hicks tar éis a bhua

Cuireadh maratón na bhfear ag Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 1904 in St. Louis, Stáit Aontaithe Mheiriceá, ar siúl ar 30 Lúnasa na bliana sin, ar chúrsa 40km ar fad.[1]

Eagraíodh an rás le linn an chuid is teo den lá, ar bhóithre tuaithe deannachúla, gan mórán uisce ar fáil do na hiomaitheoirí. Cé gur ghlac 32 lúthchleasaí ó chúig náisiún páirt san iomaíocht, níor éirigh ach le 14 acu an rás a chríochnú.[2] Bhí an rás an-aisteach ar fad mar gheall ar dhrocheagrú agus easpa cúraim ó na réiteoirí.[3] Tréaslaíodh le Fred Lorz mar bhuaiteoir an rása i dtús báire, ach dícháilíodh níos déanaí é toisc go bhfuair sé síob i ngluaisteán le linn an rása. Bhí an buaiteoir féin, Thomas Hicks, i mbéal báis agus bhí siabhrán air ag deireadh an rása, mar thoradh ar an manglam branda, uibheacha amha, agus stricnín a thug a thraenálaithe dó. Rinne Andarín Carvajal, an fear a chríochnaigh sa gceathrú háit, néal codlata le linn an rása tar éis dó úlla lofa a ithe.

1904 marathon participants Tau and Mashiani stand in a stadium looking at the camera, both wearing hats
Mashiani (ar chlé) agus Tau roimh an rás[4]

Ba é seo an tríú huair a cuireadh an maratón ar siúl sna Cluichí Oilimpeacha; tá an maratón ar cheann de 12 comórtas lúthchleasaíochta a reáchtáladh ag gach Cluiche Oilimpeach Samhraidh. Ba é Arthur L. Newton as na Stáit Aontaithe an t-aon reathaí a ghlac páirt sa maratón i 1900 freisin. I measc na reathaithe suntasacha Meiriceánacha eile, bhí trí bhuaiteoir Mharatón Bhostúin i láthair: Sammy Mellor, a bhuaigh sa bhliain 1902, John Lordon, an buaiteoir i 1903, agus Michael Spring i 1904.[5]

Ghlac lúthchleasaithe ó Chúba agus ón Afraic Theas páirt sa maratón den chéad uair, agus ba é na Stáit Aontaithe an t-aon náisiún a raibh reathaithe aige i ngach ceann den chéad trí mharatón Oilimpeacha.

Léarscáil Mharatón St. Louis, 1904

Ba é seo an chéad chomórtas Oilimpeach inar ghlac daoine dubha as an Afraic páirt: beirt fhear Suánach darbh ainm Len Tau agus Jan Mashiani; tharla sé go raibh siad in St Louis cheana féin mar chuid de thaispeántas na hAfraice Theas ag Aonach an Domhain 1904.[6] D'oibrigh an bheirt acu mar reathaithe fadraoin, ag seachadadh teachtaireachtaí le linn Chogadh na mBórach.[7] Cé gur tuairiscíodh gur rith an bheirt acu cosnochta, bhí bróga ar Mashiani i ngrianghraif a tógadh le linn an rása.[4][7]

Formáid an chomórtais

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Na reathaithe ag an líne thosaithe, go díreach roimh an rás

Ní raibh fad an mharatóin caighdeánaithe ag an am; i St Louis, bhí an cúrsa 40km ar fad. Thosaigh an lucht eagraithe an maratón ag 3 i.n., i mbrothall an lae; sa lá atá inniu ann, tosaítear an chuid is mó de mharatóin go luath ar maidin nuair a bhíonn sé níos fuaire.

Thosaigh an rás le cúig chuairt timpeall raon an staidiam;[5] bhí an chuid eile den chúrsa ar bhóithre tuaithe deannachúla, le hoifigigh an rása ag marcaíocht i bhfeithiclí chun tosaigh ar agus taobh thiar de na reathaithe: chruthaigh sé seo scamaill deannaigh a rinne an aimsir the bhrothallach fiú níos measa,[6] le teocht timpeall 32 céim Celsius ag tús an rása.[7] Chríochnaigh an cúrsa ar ais sa staidiam.[7]

Ba é Fred Lorz an chéad duine a shroich an líne chríche, tar éis trí huaire agus 13 nóiméad (níos mó ná 13 nóiméad níos moille ná an buaiteoir sa bhliain 1900). Tar éis gur tréaslaíodh leis mar bhuaiteoir, tógadh a ghrianghraf le Alice Roosevelt, iníon le hUachtarán na Stát Aontaithe Theodore Roosevelt ag an am, agus bhí na hoifigigh ar tí an bonn óir a bhronnadh air nuair a fuarthas amach nár rith sé an rás ar fad.

D'éirigh Lorz as an rás tar éis naoi míle mar gheall ar chrampaí, agus fuair sé síob i ngluaisteán ar ais go dtí an staidiam, ag beannú don lucht féachana agus do na reathaithe eile le linn an turais. Nuair a bhris an carr síos ag an 19ú míle, chuaigh sé isteach sa rás arís agus rith sé trasna na líne chríche.[6] Tar éis gur chuir na réiteoirí ceist ar Lorz, d'admhaigh sé an chaimiléireacht láithreach, agus in ainneoin go ndúirt sé go raibh sé ag magadh, chuir an AAU cosc saoil air; laghdaíodh é sin níos déanaí go dtí bliain amháin tar éis go bhfuarthas amach nach raibh sé i gceist aige calaois a dhéanamh. Bhuaigh Lorz Maratón Bhostúin an bhliain dár gcionn.[3][8]

Ba é Thomas Hicks buaiteoir an rása sa deireadh, cé gur cabhraíodh leis ar bhealaí nach mbeadh ceadaithe sna blianta ina dhiaidh sin. Deich míle ón líne chríche, bhí Hicks níos mó 2k chun tosaigh ar na hiomaitheoirí eile, ach b’éigean dá thraenálaithe bac a chur air stopadh agus luí síos. Ón bpointe sin go dtí deireadh an rása, thug na traenálaithe dáileoga stricnín dó (nimh francach coitianta a spreagann an néarchóras ina chodanna beaga), measctha le branda agus gealacáin uibhe.[3] Streachail sé leis agus siabhrán air, ar éigean a bhí siúl an bhealaigh ann. Nuair a shroich sé an staidiam, d’iompair a fhoireann tacaíochta thar an líne chríche é. B’éigean Hicks a iompar den rian, agus bhí an t-ádh air nach bhfuair sé bás ar an toirt, a bhuí le cóir leighis a chuir roinnt dochtúirí air. Chaill sé ocht bpunt le linn an mharatóin.[9]

Andarín Carvajal a chríochnaigh sa cheathrú háit

Is beag nár cailleadh reathaí eile freisin. Thángthas ar an Meiriceánach William Garcia ina luí ar an gcúrsa le gortuithe inmheánacha tromchúiseacha mar gheall ar análú na scamall deannaigh ó ghluaisteáin na n-oifigeach.[3]

Ghlac Andarín Carvajal, fear poist as Cúba, páirt sa mharatón freisin ag an nóiméad deireanach.[6] Tar éis dó a chuid airgid go léir a chailliúint ar an gcearrbhachas i New Orleans, Louisiana, chuaigh sé ar an ordóg go St. Louis, agus bhí air an rás a rith in éadaí sráide a ghearr sé timpeall a chosa chun bríste gairid a dhéanamh díobh. Níor ith sé greim bia le 40 uair an chloig roimh an rás. Ar an gcúrsa, chonaic sé duine den lucht féachana ag ithe dhá phéitseog. D'fhiafraigh Carvajal de an bhféadfadh sé na péitseoga a thabhairt dó, ach dhiúltaigh an fear. Ghoid Carvajal an dá phéitseog agus theith sé. Níos déanaí, stop sé in úllord in aice leis an gcúrsa le cúpla úll a ithe, ach bhí siad lofa.[6] Bhí sé buailte le crampaí láidre sa bholg, agus b’éigean dó luí síos agus néal codlata a dhéanamh. In ainneoin an tinnis bhoilg agus an néal codlata, chríochnaigh sé an rás sa cheathrú háit.[6][10][9]

Le linn an rása, d'éirigh John Lordan, buaiteoir Mharatón Bhostúin sa bhliain 1903, an-tinn ar fad tar éis 16km agus d'éirigh sé as. Bhí Sam Mellor, an buaiteoir i mBostún in 1902, buailte ag an deannach cosúil le William Garcia. Cé go raibh sé chun tosaigh leath bealaigh tríd an rás, d'éirigh sé as ag 25km.[7]

Chríochnaigh na fir ón Afraic Theas, Len Taunyane agus Jan Mashiani, sa naoú agus sa dóú háit déag faoi seach: ba chúis díomá é sin; is dócha go raibh toradh níos fearr i ndán do Taunyane, ach chuaigh sé beagnach míle ar strae ón chúrsa dá bharr scata madraí fiáine a chuaigh sa tóir air le linn an rása.[8]

  1. Logman, Jeré (2012-04-20). "The Marathon's Random Route to Its Length". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 14 Meitheamh 2017. Dáta rochtana: 3 Feabhra 2016.
  2. Athletics at the 1904 St. Louis Summer Games: Men's Marathon”. sports-reference.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 17 Aibreán 2020. Dáta rochtana: 22 Iúil 2017.
  3. 3.0 3.1 3.2 3.3 Wallechinsky, David (1984). "The Complete Book of the Olympics": 44–45. New York: Penguin Books. ISBN 0140066322. 
  4. 4.0 4.1 van der Merwe, Floris J.G. (1999). "Africa's First Encounter with the Olympic Games In....1904". Journal of Olympic History Meán Fómhair 1999. Dáta rochtana: 22 Bealtaine 2021. 
  5. 5.0 5.1 Marathon, Men”. Olympedia. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 3 Samhain 2020. Dáta rochtana: 23 Lúnasa 2020.
  6. 6.0 6.1 6.2 6.3 6.4 6.5 Abbott, Karen (2012-08-07). “The 1904 Olympic Marathon May Have Been The Strangest Ever”. Smithsonian Magazine. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 9 Feabhra 2014.
  7. 7.0 7.1 7.2 7.3 7.4 Matthews, George R. (2003). "St. Louis Olympics 1904". Chicago, IL: Arcadia Pub. ISBN 0-7385-2329-1. OCLC 52447869. Dáta rochtana: 22 Bealtaine 2021. 
  8. 8.0 8.1 Cronin, Brian (2010-08-10). "Sports Legend Revealed: A marathon runner nearly died". Los Angeles Times. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 16 Deireadh Fómhair 2011. Dáta rochtana: 31 Lúnasa 2010.
  9. 9.0 9.1 Aliya Whiteley (2015). “The Strange Story of the 1904 Olympic Games Marathon”. Mentalfloss. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 11 Deireadh Fómhair 2016. Dáta rochtana: 20 Eanáir 2019.
  10. Martin, David E. (2000). "The Olympic Marathon". Human Kinetics. ISBN 9780880119696.