Léaráid Hertzsprung-Russell

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Graf le comhordanáidí, lárphointí speictream réaltaí ar an x-ais, agus lonrachas réaltaí ar an y-ais, ina gcuirtear spota i gcomhair gach réalta. Faightear go luíonn na gnáthréaltaí atá ag comhleá is ag ídiú hidrigine ar bhanda trasnánach a shíneann ó luach ard lonrachais is lárphointe speictrim íseal síos go dtí lonrachas íseal is lárphointe speictrim ard. Tugtar an príomhsheicheamh ar na réaltaí sa bhanda seo. Titeann abhacréaltaí bána cuid mhaith faoi bhun banda an phríomhsheichimh. Titeann ollréaltaí dearga i mbailiúchán go maith os cionn an bhanda, agus na forollréaltaí os cionn na n-ollréaltaí dearga. Réalteolaí Danmhargach, Ejnar Hertzsprung (1873-1967), agus réalteolaí Meiriceánach, Henry Russell (1877-1957), a rinne an léaráid cuimsithe seo ar na réaltaí, timpeall an ama chéanna agus neamhspleách ar a chéile.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Léaráid Hertzsprung-Russell". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 344.