Lámhaigh Lewiston, 2023
| ||||
Cineál | spree shooting (en) dúnmharú líonmhar | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | oll-lámhaigh sna Stáit Aontaithe | |||
Dáta na bliana | 25 Deireadh Fómhair 2023 (18:56, 19:08. an tAmchrios Oirthearach) | |||
Suíomh | Just In Time Recreation, 24 Mollison Way, Lewiston, Maine | |||
Tír | Stáit Aontaithe Mheiriceá | |||
Líon básanna | 18 | |||
Líon gortaithe | 13 | |||
Arm | raidhfil leath-uathoibríoch | |||
Tharla Lámhaigh Lewiston[1] in Maine sna Stáit Aontaithe ar 25 Deireadh Fómhair 2023 agus dúnmharaíodh 18 nduine, an oll-lámhach gunnaí i Meiriceá is measa ó maraíodh 21 duine i Lámhach Robb Elementary sa bhliain 2022.
Imeachtaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tharla na hionsaithe i dteach ósta agus i bpinniúr babhlála.
Ba bheag nár gabhadh an fear gunna agus ar éigean Dé a thug sé na cosa leis ón mbás. Thosaigh tóraíocht mhór in Maine. Bhí faitíos an domhain ar dhaoine i Lewiston go raibh tuilleadh urchóide beartaithe ag an teifeach.[3]
Ceithre lá níos déanaí, fuarthas corp Robert R Card, 40 bliain d'aois agus sáirsint in Arm Cúltaca na Stát Aontaithe.[4] Chuir sé lámh ina bhás féin.[5] Traenálaí gunnadóireachta ba ea é. Bhagair sé go ndéanfadh sé ionsaí gunna ar bhunáit de chuid an National Guard i rith an tsamhraidh. Chaith sé coicís in ospidéal meabhairghalair dá bharr.
Rialú gunnaí in Maine
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rialachán éadrom ar ghunnaí é an cháil atá ar stát Maine: ní theastaíonn ceadúnas ansiúd le gunna a cheannach ná a iompar, agus níl aon cheann de na dlíthe foláirimh i bhfeidhm ann, dlithe a thugann cead do na húdaráis arm a bhaint de dhuine má mheastar iad bheith contúirteach.[6]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Lámhach Sandy Hook, 2012
- Lámhach Robb Elementary, 2022
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Tá Lewiston 55km ó thuaidh de Portland, príomhchathair Stát Maine.
- ↑ "US: Maine Shooter, Robert Card, Triggers Gun Control Debate with AR-15 Rifle Use" (en). News18 (2023-10-26). Dáta rochtana: 2023-10-27.
- ↑ Nuacht RTÉ (2023-10-27). "Póilíní in Maine fós sa tóir ar fhear a mharaigh 18 duine" (as ga-IE).
- ↑ "Who is Robert Card? Confirmed details on Maine shooting suspect - CBS News" (en-US). www.cbsnews.com (2023-10-27). Dáta rochtana: 2023-10-27.
- ↑ "Maine mass shooting suspect found dead" (en-GB). BBC News (2023-10-28). Dáta rochtana: 2023-10-28.
- ↑ Nuacht RTÉ (2023-10-26). "18 nduine maraithe in ionsaí gunna i Maine" (as ga-IE).