Lá Idirnáisiúnta na mBan agus na gCailíní san Eolaíocht
Cineál | lá idirnáisiúnta |
---|---|
Ainmnithe in ómós | mná san eolaíocht |
Comóireann sé | mná san eolaíocht |
Bailíocht | 2016 - |
Lá | 11 Feabhra |
Fógairt | 22 Nollaig 2015 |
Eagraí | na Náisiúin Aontaithe |
Suíomh gréasáin | un.org… |
Chuir na Náisiún Aontaithe tús leis an Lá Idirnáisiúnta na mBan agus na gCailíní san Eolaíocht sa bhliain 2016, le bealaí a phlé chun aghaidh a thabhairt ar a laghad mná agus cailíní a bhí ag obair i réimsí na heolaíochta, na teicneolaíochta, na hinnealtóireachta agus na matamaitice (STEM).[1]
De réir Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe (EOECNA nó UNESCO), níl ach 28% de na taighdeoirí ar fud an domhain ina mná, agus níos lú ná sin díobh atá i bpoist shinsearacha.[2]
Oideachas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bíonn tionchar ag claonadh agus steiréitíopáil shóisialta ar mhná óga agus iad ag tabhairt faoi ghairm saoil.
Ba mhian leis na Náisiúin Aontaithe spreagadh á thabhairt do chailíní agus do mhná óga tabhairt faoin eolaíocht mar ghairm. I bhformhór thíortha an domhain is mó céimithe ban a thagann as na coláistí ach is lú ná 30% de na céimithe ban ar fud na cruinne a thugann faoin staidéar in ábhair STEM.[3]
In Éirinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ag Comórtas Eolaí óg na Bliana in 2021, cailíní ab ea 62% de na daltaí a bhí páirteach ann, rud a léiríonn an t-athrú atá tagtha ar an dearcadh faoi mhná san Eolaíocht in Éirinn.[3] Ní hé sin le rá nach bhfuil bearna fós idir an líon ban agus fear a thugann faoi léann na hEolaíochta ag an tríú leibhéal in Éirinn.. Mar shampla, 35% díobh siúd a bhí ag staidéar sa réimse STEM in Éirinn, ba mhná iad in 2016, cé go raibh os cionn 50% á dhéanamh sin i roinnt mhaith tíortha.
I ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn sa bhliain 2016 agus níos déanaí, d'iarr sé ar institiúidí tríú leibhéal agus fostóirí na hathruithe is gá a dhéanamh le freastal ar eolaithe óga ban.[4][5]
Ceannródaithe in Éirinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Mhol an tUachtarán do mhná óga “inspioráid” a ghlacadh ó na ceannródaithe in Éirinn in óráid a thug sé sa bhliain 2021ː[5]
- an criostalagrafaí, an tOllamh Kathleen Lonsdale
- an matamaiticeoir, Alicia Boole-Stott
- na réalteolaithe Agnes Clerke, Annie Russell-Maunder is Mary Parsons,
- na bitheolaithe Cynthia Longfield agus Phyllis Clinch,
- an réaltfhisiceoir Margaret Lindsay-Huggins.
- an t-astrafhisiceoir Susan McKenna-Lawlor
- Dorothy Stopford-Price, saineolaí ar an eitinn ar leanaí, agus an chéad duine a thug an vacsaín BCG go hÉirinn i 1937.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "International Day of Women and Girls in Science Official Website". www.womeninscienceday.org. Dáta rochtana: 2023-02-12.
- ↑ Tuairisc.ie (11 Feabhra 2023). "Lá Idirnáisiúnta na mBan agus na gCailíní san Eolaíocht á cheiliúradh" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-02-12.
- ↑ 3.0 3.1 Máire Ní Fhinneadha (11 Feabhra 2021). "Inniu lá Idirnáisiúnta na mBan agus na gCailíní san Eolaíocht…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-02-12.
- ↑ Office of the President of Ireland. "Diary President And Sabina Host A Reception For Women In Science" (ga). president.ie. Dáta rochtana: 2023-02-12.
- ↑ 5.0 5.1 Office of the President of Ireland. "Media Library | Speeches | President of Ireland" (en). president.ie. Dáta rochtana: 2023-02-12.