Lá Domhanda um Níochán Lámha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtLá Domhanda um Níochán Lámha
Íomhá
Cineállá idirnáisiúnta Cuir in eagar ar Wikidata
15 Deireadh Fómhair Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhábharhand washing (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinglobalhandwashingday.org Cuir in eagar ar Wikidata


Ceiliúrtar an Lá Domhanda um Níochán Lámha ar an 15 Deireadh Fómhair. Tá sláinteachas láimhe ar cheann de na bealaí is tábhachtaí chun scaipeadh ionfhabhtaithe a chosc Faightear an chuid is mó de ghalair ó lámha salacha, go hairithe an slaghdán, an fliú agus fiú ionfhabhtaithe (atá deacair a chóireáil ar nós MRSA) agus pianta boilg,[1]

Is féidir le níochán lámha na milliúin saol a shábháil.[2]

Modhanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Comhairlíonn Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte na lámha a níː[3]

"Roimh bia a ithe nó a ullmhú  

Roimh lámh a leagan ar na súile, srón nó béal

Roimh agus tar éis lámh a leagan ar chóirithe cneá nó feistí leighis (m.sh diltálairí, cataitéir)

Tar éis dul go dtí an leithreas nó casachtach, sraothartach, nó an srón a shéideadh"  

Comhairlíonn an Roinn Oideachais in Éirinn[4]

Sláinteachas Láimhe san Iorua

"Ba chóir lámha a ní le gallúnach agus uisce.

Ná ligtear áiseanna um thriomú láimhe a chomhroinnt i measc daoine.

Ina leith sin, ar na cineáil áiseanna um thriomú láimhe d’fhéadfaí feidhmiú, áirítear tuáillí páipéir (a chuirtear de láimh sna boscaí bruscair), triomadóirí láimhe aeir the, tuáillí rolláin, nó d’fhéadfaí iarraidh ar mhic léinn agus ar na baill foirne a gcuid tuáillí féinigh a bhreith leo ar scoil agus úsáid a bhaint astu.

Ní cóir glóthach alcóil a fheidhmiú ach amháin sa chás nach mbeidh gallúnach ná uisce ar fáil agus, ar ndóigh, ní bheidh sé éifeachtach má bhíonn na lámha salach."

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. cogg.ie. "Cúram coirp". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-10-18. Dáta rochtana: 2020.
  2. Scoil Dlí, COBÁ¢ (2020). "Is é inniu Lá Domhanda um Níochán Lámha" (ga). Twitter. Dáta rochtana: 2020-10-15.
  3. hpsc.ie. "Lámha Glana Saol fadaː Eolas d’othair, do chuairteoirí agus cónaitheoirí". Dáta rochtana: 2020.
  4. education.ie. "Sláinteachas Láimhe". Dáta rochtana: 2020.