Staphylococcas aureus meiticillinfhriotaíoch

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí GalarStaphylococcas aureus meiticillinfhriotaíoch
cuir in eagar
CineálStaphylococcus aureus Cuir in eagar ar Wikidata
Acmhainní seachtracha
DiseasesDB12396 Cuir in eagar ar Wikidata
MedlinePlus007261 Cuir in eagar ar Wikidata
eMedicine228816 Cuir in eagar ar Wikidata
MeSHD055624 Cuir in eagar ar Wikidata
UMLS CUIC1265292 Cuir in eagar ar Wikidata
Neutrophil MRSA II

Baictéar de chineál stafalacocais atá tar éis éirí friotaíoch do na gnáthfhrithbheathaigh is ea Staphylococcas aureus meiticillinfhriotaíoch (MRSA i mBéarla). Tugtar sárfhrídín air sa ghnáthchaint, ach úsáidtear an téarma céanna ar bhaictéir eile atá éirithe friotaíoch (mar shampla tá VRSA ann freisin, Stafalacocas aureus vancamaicinfhriotaíoch).

I láthair ar an gcraiceann is sa tsrón ag an-chuid daoine gan aon trioblóid, ach má théann sé isteach sa cholainn, faoin gcraiceann, nó sna scamhóga, mar shampla, is féidir go dtarlóidh ionfhabhtú.

Eipidéimeolaíocht

Eipidéimeolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is annamh a tharla MRSA roimh na 1980idí, ach anois faightear in an-chuid ospidéal é, agus scaipeann foireann an ospidéil é muna mbíonn a gcleachtadh sláinteachais go maith (is gá dóibh a lámha a ní tar éis tadhaill le hothar agus an timpeallacht iomlán a choinneáil glan).

Bíonn othair áirithe íogair don ionfhabhtú seo is iad lagaithe ag pé galar atá orthu, agus faigheann cuid acu bás uaidh.

Cosc[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagann MRSA chun cinn má bhíonn duine ionfhabhtaithe á chóireáil ar bhonn fadtéarmach le frithbheathaigh cosúil le peinicillin. Fásann an fhriotaíocht sa bhaictéar de réir a chéile.

Is féidir an t-ionfhabhtú a tholgadh ó dhuine ionfhabhtaithe eile.

Ba cheart baill foirne a thástáil go rialta féachaint an bhfuil siad ag iompar an bhaictéir, agus úsáid na bhfrithbheathach a shrianadh an oiread agus is féidir.

Rory Gallagher, BÁC, 1980

Básanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. https://www.thefreelibrary.com/Booze+didn%27t+kill+my+brother+Rory,+it+was+the+drugs+to+help+his+fear...-a084782459
  2. Hussey, Matt (2011). "Staphylococcas aureus meiticillinfhriotaíoch". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 624.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]