Krist Novoselic

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaKrist Novoselic

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(en) Chris Novoselic
Beathaisnéis
Breith(en) Krist Anthony Novoselić
16 Bealtaine 1965
58 bliana d'aois
Compton, California Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Grúpa eitneachCrótaigh
Scoil a d'fhreastail sé/síArdscoil Aberdeen
Lower Columbia College (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Airde2.01 m Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmdordóir, cumadóir amhrán, giotáraí Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1987 –
Ball de
SeánraGrúinse
TeangachaBéarla
UirlisDordghiotár agus giotár
Lipéad ceoilSub Pop Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinnovoselic.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0637218 Allocine: 89652
Facebook: Krist-Novoselic-180750328621104 Twitter: KristNovoselic Last fm: Krist+Novoselic Musicbrainz: ac05e29f-0561-4445-bb26-5562d2389531 Songkick: 2464726 Discogs: 281754 Allmusic: mn0000114761 Cuir in eagar ar Wikidata

Is ceoltóir Meiriceánach é Krist Anthony Novolselic (rugadh é ar an 16 Bealtaine, 1965), nó Chris Novoselic mar a bhíodh aithne air níos luaithe. Bhí Novoselic ina dhordghiotáraí leis an mbanna rac-cheoil Nirvana. D'éirigh sé as an gceol ag deireadh na 1990idí, agus is scríbhneoir agus gníomhaí polaitiúla é anois.

Nirvana[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Krist i gCompton, California sa bhliain 1965. As an gCróit ab ea a theaghlach, agus chuaigh siad chun chónaigh sa bhaile beag Aberdeen, sa stát Washington. Coimhthíoch a bhí i Krist in Aberdeen. Bhí sé ciúin, aisteach agus an-ard - sé troigh seacht n-orlach, nuair a bhí sé óg fós. Bhuail sé le Kurt Cobain san ardscoil, agus thosaigh siad ag seinm le chéile. Ar dtús ní raibh a lán suim ag Krist i gceol Kurt, ach ghéill sé tar éis tamaill. B'e Cobain an príomhscríbhneoir sa ghrúpa, ach is cinnte gur foireann a bhí iontu. Bhí Krist an-ghnóthach le gach gné den bhanna, agus b'eisean a bhí sé freagrach as dearcadh an bhanna.

Leis an albam Nevermind, bhris Nirvana isteach i bpríomhshruth an cheoil go tobann, agus bhí cáil mhór orthu. D’fhan Krist agus Kurt mar chairde, ach bhí sé deacair uaireanta le andúil drugaí Kurt, agus na fadhbanna a bhí ann le bean nua Kurt Courtney Love. Mar thoradh ar an deacrachtaí seo, níor fhreastal Krist ar phósadh Kurt agus Courtney sa bhliain 1992, tar éis argóint. Sa bhliain 1994, sheinn Nirvana ceolchoirm sa Chróit, rud a bhí Krist an-bhródúil as. Cúpla mí ina dhiaidh sin, áfach, bhí Kurt marbh. I mí Aibreán 1994, thiomáin Krist a chara go dtí an aerfort i Seattle, agus ní fhaca sé é beo arís.

A shaol tar éis Nirvana[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhain Krist triail as cúpla banna nua - Sweet 75 agus Eyes Adrift. Tar éis tamaill, d'éirigh sé as an gceol agus thosaigh sé ag obair i gcúrsaí polaitiúla. Is Daonlathach é Krist, agus úsáideann sé a ainm chun teachtaireacht a dhéanamh ar chúrsaí pholaitiúla. Scríobh Krist a chéad leabhair i 2004, Of Grunge and Government: Let's Fix this Broken Democracy, agus foilsíodh é sa bhliain 2005. Tá ceadúnas píolóta ag Krist freisin.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]