Kolbeinsey

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachKolbeinsey
(is) Kolbeinsey Cuir in eagar ar Wikidata
Íomhá
(2020)
CineálCreig agus sceir Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinan Íoslainn Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 67°09′02″N 18°41′00″W / 67.1506°N 18.68347°W / 67.1506; -18.68347
Suite i nó in aice le limistéar uisceMuir na Graonlainne Cuir in eagar ar Wikidata
Tréithe
Achar0 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Kolbeinsey ó dheic RV Knorr, 2011

Is oileánín beag é Kolbeinsey (nó, Oileán Kolbeinn, Carraig na bhFaolán, Mevenklint, Mevenklip, agus Meeuw Steen) [1] atá lonnaithe 105 ciliméadar (65 míle) ó chósta thuaidh na hÍoslainne, 74 ciliméadar (46) siar ó thuaidh ó oileán Grímsey. Is é an t-oileán an pointe is faide ó thuaidh den Íoslainn agus tá sé lastuaidh den Chiorcal Artach. Tá sé ainmnithe i ndiaidh Kolbein Sigmundsson as Kolbeinsdal i Skagafjörður. Deirtear gur tharla longbhriseadh dó agus dá chriú ar an oileán agus básadh iad ann de réir Svarfdæla saga.[2]. Tá créimeadh a dhéanamh ar an oileánín, atá déanta amach as basalt agus atá gan fásra, ag tonnta agus glactar leis go n-imeoidh sé gan mhoill. Tugann sonraí faoin ráta creimthe ó 1994 le fios go dtarlódh sé seo thart fá 2020.[3] Afách, ó bhí lár mhí Lúnasa 2020 ann tá cuid bheag de go fóill le feiceáil, le linn taoide íseal ar a laghad.[4]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cha bhfios dúinn bun-mhéid an oileáin. Nuair a tomhaiseadh don chéad uair é i 1616, bhí sé 700 méadar (2,300 troigh) ón tuaisceart go dtí an deisceart agus 100 méadar (330 troigh) ón oirthear go dtí an iarthar. Fá 1903, cha raibh sé ach leath an mhéid sin. I mí Lúnasa 1985, de réir tomhais bhí sé 39 méadar (128 troigh) ó thaobh go taobh.[3] Ag tús 2001, laghdaíodh achar Kolbeinsey go 90 méadar cearnaithe, a chomhfhréagraíonn le ciorcal 10.7 méadar (35 troig) ar trastomhas. Tá uas-airde de 8 méadar (26 troigh) ag an oileán.

Tógadh héileapad ar an oileán i 1989.[3] I mí an Mhárta 2006, dúradh nach raibh ingearan ábalta tuirlingt ar Kolbeinsey níos mó.[5] Fuarthas amach gur scriosadh beagnach leath den héileapad a tógadh amach as coincréit i 1989 nuair a scar píosa mór carraige ón chuid eile den oileán.

I mí Lúnasa 2020, d'uaslódáil an YouTuber Tom Scott físeán a dhearbhaigh go raibh an t-oileán go fóill ann - cé gur creimeadh níos mó dó - le linn taoide íseal.

Geolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tuairiscíodh brúchtadh fomhuirí i 1999 cóngarach d'Iomaire Kolbeinsey siar ó thuaidh ó Grímsey. Is é Kolbeinsey an t-aon phíosa den chuid seo d'Iomaire an Atlantaigh Láir atá le feiceáil os cionn na dtonnta. Tháinig sé le chéile le linn deireadh an tsealad Pléisticéineach nó le linn an tSealad Holaicéineach. Léiríonn bloghanna ghloine dreideáilte go raibh gníomhaíocht brúchtach fomhuirí ann le linn deireadh an tsealad Pléisticéineach go dtí 11,800 bliain radacarbón ó shin.[6]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Dick Ringler (Lúnasa 1996). "Kolbeinn's Isle (Kolbeinsey)". Dáta rochtana: 31 Lúnasa 2020.
  2. "Svarfdæla saga". Dáta rochtana: 31 Lúnasa 2020.
  3. 3.0 3.1 3.2 Kristján Sæmundsson agus Árni Hjartarson (1994). Gísli Viggóson: "[https://web.archive.org/web/20060109130623/http://www.os.is/~ah/kolbeinsey/kolb_ensk.html GEOLOGY AND EROSION OF KOLBEINSEY NORTH OF ICELAND]" 443–451. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 9 Eanáir 2006. Dáta rochtana: 31 Lúnasa 2020. Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; name "neai" defined multiple times with different content
  4. Tom Scott (17 Lúnasa 2020). "Is The Most Northern Part Of Iceland Still There?". www.youtube.com. Dáta rochtana: 2020-08-31.
  5. Garda Cósta na hÍoslainne (9 Márta 2006). "Kolbeinsey að hálfu hrunin - ekki lengur hægt að lenda þyrlu á eyjunni". Dáta rochtana: 31 Lúnasa 2020.
  6. "Global Volcanism Program | Kolbeinsey Ridge" (en). Smithsonian Institution | Global Volcanism Program. Dáta rochtana: 2020-08-31.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]