Końskowola

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilKońskowola

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 51°24′32″N 22°03′10″E / 51.4089°N 22.0528°E / 51.4089; 22.0528
Stát ceannasachan Pholainn
Voivodeship of Poland (en) AistrighLublin Voivodeship (en) Aistrigh
Powiat (en) AistrighContae Puławy
Rural municipality of Poland (en) AistrighGmina Końskowola (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán1,985 (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús22.15 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla89.63 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist24-130 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Eile

Suíomh gréasáinkonskowola.info.pl Cuir in eagar ar Wikidata

Is sráidbhaile in oirdheisceart na Polainne é Końskowola, atá suite idir Puławy agus Lublin. Bhí 2188 duine ina gcónaí i Końskowola de réir dhaonáireamh na bliana 2004.

Focal ar fhocal, is é is brí le hainm na háite ná "Toil an Chapaill", ach sa tsean-Pholainnis, b'ionann wola ("toil" i bPolainnis an lae inniu) agus sráidbhaile de chineál ar leith, agus le fírinne, is giorrúchán é Końskowola de sheanainm na háite Konińskawola, ar tagairt é don té ar leis an áit fadó, Jan Koniński. Ní bhfuair an áit an t-ainm sin ach sa naoú haois déag, áfach. Nuair a bunaíodh í, thiar sa cheathrú haois déag, is é an t-ainm a tugadh uirthi ná Witowska Wola.

Nuair a chuaigh an Tríú Críochdheighilt ar an bPolainn, sa bhliain 1795, thit an áit leis an Ostair. Sa bhliain 1809, tháinig Diúcacht Vársá, stát Polannach leath-neamhspleách faoi choimirce Napoleon, ar an bhfód, agus bhí Końskowola suite sa Diúcacht seo. Nuair a cuireadh an diúcacht de dhroim an tsaoil, thit an áit leis na Rúisigh, is é sin, le Ríocht na Polainne, nó Kongresówka. Ón mbliain 1918 ar aghaidh, is cuid den Pholann neamhspleách í an áit arís.

Le linn an Dara Cogadh Domhanda, bhí an sráidbhaile sealbhaithe ag na Gearmánaigh. Chuir siad campa géibhinn agus geiteo ar bun san áit, agus tugadh Giúdaigh ón tSlovaic go dtí an geiteo sin. Ar an ochtú lá de Mhí na Bealtaine 1942, loc na Gearmánaigh cuid mhór de mhuintir an gheiteo, agus haistríodh go leor acu go dtí an campa báis i Sobibór. I Mí Dheireadh Fómhair sa bhliain chéanna, chuir na Gearmánaigh geiteo na háite de dhroim an tsaoil, agus mharaigh póilíní airm de chuid na Gearmáine timpeall ar mhíle duine, mná agus páistí ina measc, sa choill taobh amuigh den tsráidbhaile.

Ar an 25 Iúil 1944, agus na díormaí Sóivéadacha ag druidim isteach leis an áit, thosaigh treallchogaithe Polannacha ó Armia Krajowa agus ó Bataliony Chłopskie ag cur cogaidh ar na Gearmánaigh san áit. Go gairid ina dhiaidh sin, shealbhaigh na Sóivéadaigh an sráidbhaile, agus cloíodh na Gearmánaigh.

Inniu, is áit mhór turasóireachta í Końskowola. Tá dhá sheaneaglais Chaitliceacha ansin, ceann acu ón mbliain 1670 agus an ceann eile ón mbliain 1613. Rugadh beirt fhilí Polannacha, Franciszek Dionizy Kniaźnin agus Franciszek Zabłocki, ansin.

Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]