Klaus Mann
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 18 Samhain 1906 München, An Ghearmáin |
| Bás | 21 Bealtaine 1949 42 bliana d'aois Cannes, An Fhrainc |
| Siocair bháis | Féinmharú (Ródháileog) |
| Áit adhlactha | Reilig Cannes (Grand Jas) |
| Faisnéis phearsanta | |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Wilhelmsgymnasium |
| Áit chónaithe | München An Bhaváir |
| Gníomhaíocht | |
| Réimse oibre | Úrscéal |
| Gairm | scríbhneoir, úrscéalaí, file, dírbheathaisnéisí, iriseoir, scríbhneoir scripte, léirmheastóir liteartha, aistritheoir, gearrscéalaí |
| Seánra | Amharclannaíocht agus dírbheathaisnéis |
| Faoi thionchar | |
| Teangacha | An Ghearmáinis agus Béarla |
| Gairm mhíleata | |
| Brainse míleata | Arm na Stát Aontaithe |
| Coinbhleacht | An Dara Cogadh Domhanda |
| Saothar | |
| Suíomh a chartlainne | |
| Teaghlach | |
| Athair | Thomas Mann agus Katia Mann |
| Siblín | Monika Mann, Elisabeth Mann-Borgese, Erika Mann, Golo Mann agus Michael Mann |
| Duine muinteartha | Heinrich Mann (uncail) Viktor Mann (uncail) |
| Croineolaíocht | |
| Márta 1933-Deireadh Fómhair 1933 | Nazi book burnings (en) |
Scríbhneoir Gearmánach ab ea Klaus Mann (18 Samhain 1906 – 21 Bealtaine 1949). Ba é an scríbhneoir Thomas Mann a athair.
Rugadh Klaus Mann i gcathair München ar an 18ú lá de Shamhain agus fuair sé bás ar an 21ú lá de mhí na Bealtaine i gCannes, sa Fhrainc. D'fhág Klaus agus a theaghlach an Ghearmáin sa bhliain 1938 agus chuadar go dtí na Stáit Aontaithe. Tar éis an Dara Cogadh Domhanda, bhí deacrachtaí pearsanta móra ag Klaus Mann.
Thosaigh sé a chín lae don bhliain 1949 leis an abairt seo: "I am not going to continue these notes. I do not wish to survive this year" ('Ní leanfad ar na nótaibh seo. Ní mian liom teacht ón bhliain seo.').[1] Chuir Klaus lámh ina bhás féin sa bhliain chéanna.

Is iad Der fromme Tanz (1925), an chéad leabhar i litríocht na Gearmáine ina raibh sé i gceist ag an údar scríobh faoin homaighnéasacht go follasach, agus Mephisto (1936) na húrscéalta is cáiliúla a scríobh sé.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Uwe Naumann, 'Klaus Mann' (Reinbek: Rowohlt Verlag, 2006), l. 149 - Scríobh Klaus Mann an abairt i mBéarla, mar ba ghnáth leis ina chíona lae ó 1942 amach.
| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |