Kai Siegbahn
Cuma
(Athsheolta ó Kai Mann Börje Siegbahn)
Fisiceoir a rugadh i Lund na Sualainne, mac le Karl Siegbahn, ab ea Kai Mann Börje Siegbahn (20 Aibreán 1918 – 20 Iúil 2007). Rinne sé taighde bunúsach ar idirghníomhú X-ghathanna le hábhair, agus shaothraigh an speictreascópacht leictreon i gcomhair anailíse ceimicí, teicníocht chumasach chun fuinneamh leictreon timpeall ar adaimh i solaid, leachtanna is gáis a thomhas is a scrúdú.
Roinn sé Duais Nobel na Fisice le Arthur Schawlaw is Nicolaas Bloembergen sa bhliain 1981 as.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Kai Mann Börje Siegbahn". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 598.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |