Joseph Needham
Cuma
Bithcheimicí is staraí eolaíochta a rugadh i Londain ab ea Joseph Needham (9 Nollaig 1900 – 24 Márta 1995).
D'fhoilsigh sé leabhar ceannródaíoch, History of Embryology (Stair na Sutheolaíochta, 1934), agus rinne taighde ar thraidisiún na Síne san eolaíocht, an teicneolaíocht is an mhíochaine.
Ó 1956 d'fhoilsigh sé sraith ilchodach imleabhar, Science and Civilization in China (Eolaíocht is Sibhialtacht sa tSín). Tá 27 imleabhar den tsraith seo foilsithe go nuige seo.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Joseph Needham". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 481.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |