John van Nost (Óg)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJohn van Nost
Beathaisnéis
Breith1710í
Piccadilly, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1780
58/68 bliana d'aois
Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmealaíontóir, dealbhóir Cuir in eagar ar Wikidata

Ba dealbhóir é John van Nost (thart ar 1712 - 1780) agus mac John van Nost (Mór), ba dealbhóir é chomh maith.[1]

Rugadh i Londain é agus rinne sé printíseacht le Henry Scheemakers sa bhliain 1726. D'oibrigh sé i mBaile Átha Cliath ó thart ar an mbliain 1750. Cruthaigh sé sraith bhrollach scríbhneoirí clasaiceach, a choimisiúnaigh Mary Delany agus a fear céile, agus mhúineadh sé ag scoil líníocht fíoracha Chumann Bhaile Átha Cliath.[1]

Choimisiúnaigh Gild na bhFíodóirí i mBaile Átha Cliath dealbh Sheoirse II na Breataine Móire dona bhfoirgneamh sa Chom, ar chríochnaigh sé sa bhliain 1750 ach ar scriosadh ina dhiaidh sin. Rinne sé dealbh eachrach Sheoirse II do Bhardas Bhaile Átha Cliath, a chuireadh suas i bhFaiche Stiabhna ach ar scriosadh le dinimít sa bhliain 1937, agus fíoracha luaidhe Cheartais agus Mharsa ar gheataí chlós uachtar Chaisleán Bhaile Átha Cliath. Choimisiúnaigh an 2ú Iarla Northumberland dealbh Sheoirse III na Ríochta Aontaithe mar impire Rómhánach don Malartán Ríoga i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1765[1] atá i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann faoi láthair.

Bhog sé ar ais go Londain sa bhliain 1777 agus d'fhan sé ann ar feadh ceithre bliana sular fhill sé ar Bhaile Átha Cliath.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Leabharliosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Brian Lalor, The Encyclopaedia of Ireland, Gill & Macmillan (Baile Átha Cliath, 2003), ISBN 0-7171-3000-2