John Diefenbaker
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (en) John George Diefenbaker 18 Meán Fómhair 1895 Neustadt, Ontario |
Bás | 16 Lúnasa 1979 83 bliana d'aois Ottawa, Ontario |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Ionfharchtadh miócairdiach) |
Áit adhlactha | The Right Honourable John G. Diefenbaker Centre for the Study of Canada (en) |
13 Príomh-Aire Cheanada | |
21 Meitheamh 1957 – 22 Aibreán 1963 ← Louis St. Laurent – Lester B. Pearson → | |
Ball de Theach na dTeachtaí i gCeanada | |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Baisteachas |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Saskatchewan University of Saskatchewan College of Law (en) Nutana Collegiate (en) |
Gníomhaíocht | |
Suíomh oibre | Ottawa |
Gairm | polaiteoir, dlíodóir, taidhleoir |
Ball de pháirtí polaitíochta | Páirtí Coimeádach Forásach Cheanada |
Ball de | |
Teangacha | Béarla |
Gairm mhíleata | |
Céim mhíleata | leifteanant |
Coinbhleacht | An Chéad Chogadh Domhanda |
Teaghlach | |
Céile | Edna Diefenbaker Olive Diefenbaker |
Gradam a fuarthas | |
Ba pholaiteoir é John George Diefenbaker (18 Meán Fómhair 1895 – 16 Lúnasa 1979). B'eisean an tríú Príomh-Aire dhéag ar Cheanada, agus é in san oifig sin ón 21 Meitheamh, 1957 go dtí an 22 Aibreán 1963. Rugadh in iardheisceart Ontario é sa bhliain 1895. Ansin, nuair a bhí sé in aois a ocht mbliana thug a theaghlach aghaidh ar an iarthar, mar atá go dtí an chuid de Chríocha an Iarthuaiscirt a rinneadh cúige Saskatchewan de go gairid ina dhiaidh sin. Ba ansin a d’fhás sé aníos. Chuir sé suim sa pholaitíocht ó aois óg.
Rinneadh dlíodóir de i ndiaidh seirbhís míleata a dhéanamh sa Chéad Chogadh Domhanda. Chuaigh sé leis an bpolaitíocht freisin cé nach raibh ráth ar a chuid iarrachtaí gur bhain sé suíochán amach i dTeach na dTeachtaí in Ottawa sa bhliain 1940. Ball den Pháirtí Coimeádach Forásach (Progressive Conservative Party i mBéarla) a bhí ann.
D’éirigh leis dul i gceannas ar na Coimeádaigh Fhorásacha sa bhliain 1956 agus d’fhan sé sa phost sin ar feadh 11 bhliain. Sa bhliain 1957, fuair an páirtí an bua sa toghchán náisiúnta agus d'éirigh sé ina phríomh-aire ar an tír. D’fhan sé sa phost sin go dtí 1963.
Is síol faoin Ceanada é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |