Jump to content

Johanna van Gogh-Bonger

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJohanna van Gogh-Bonger

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith4 Deireadh Fómhair 1862
Amstardam, An Ísiltír Cuir in eagar ar Wikidata
Bás2 Meán Fómhair 1925
62 bliana d'aois
Amstardam, An Ísiltír Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaZorgvlied Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisan Ollainnis
Gníomhaíocht
Réimse oibrePéintéireacht, dearcealaíona, bailiú, trádáil ealaíne agus comhfhreagras
Gairmbailitheoir ealaíne, aistritheoir, scríbhneoir, múinteoir ollscoile Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ollainnis
Ghlac sé/sí páirt i
Sonderbund westdeutscher Kunstfreunde und Künstler Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
CéileTheo van Gogh (1889–1891)
Johan Cohen Gosschalk (1901–1912) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteVincent Willem van Gogh
 ( Theo van Gogh) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairHendrik Christiaan Bonger  agus Hermine Louise Weissman
SiblínAndries Bonger


Find a Grave: 33588428 Cuir in eagar ar Wikidata

Eagarthóir ilteangach Ollannach a d’aistrigh na céadta litir óna céad fear céile, an déileálaí ealaíne Theo van Gogh, agus Vincent van Gogh ba ea Johanna Gezina van Gogh-Bonger (4 Deireadh Fómhair 18622 Meán Fómhair 1925).

Bhí ról lárnach ag Van Gogh-Bonger i bhfás clú iarbháis Vincent van Gogh.[1]

Teaghlaigh agus luathbhlianta

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Johanna (Jo) Gezina Bonger ar 4 Deireadh Fómhair 1862 in Amstardam san Ísiltír. Iníon Hendrik Christiaan Bonger (1828–1904), bróicéir árachais, agus Hermine Louise Weissman (1831–1905), ba í an cúigiú duine de sheachtar clainne í. Bhí sí gar go háirithe dá deartháir níos sine Andries Bonger (1861–1936). Bhog Andries go Páras sa bhliain 1879, agus mhalartaíodh an bheirt acu litreacha go rialta. Bhí a deartháir is óige, Willem Adriaan Bonger (1876-1940), ina choireolaí tábhachtach. Bhí an teaghlach ceolmhar, agus sheinnidís ceathairéid le chéile san iarnóin. Bhí Jo (ar a dtugtar freisin "Net") ina pianódóir oilte. Murab ionann agus a deirfiúracha níos sine, a rinne dualgais tí, bhí cead ag Jo, "leanbh suaimhneach agus bríomhar", cur lena cuid oideachais trí staidéar a dhéanamh ar an mBéarla, agus coibhéis céime coláiste a thuilleamh. D’fhan sí roinnt míonna i Londain, ag obair i leabharlann Mhúsaem na Breataine.[2]

Ó bhí sí 17 mbliana d’aois, seachas an tréimhse a bhí sí pósta le Theo, choinnigh sí dialann mhionsonraithe, a bhí ina foinse thábhachtach níos déanaí maidir leis an gcaoi ar chuidigh sí le clú agus cáil Vincent a chruthú, agus leag sí béim ar ról a fir chéile nach maireann.[3]

  1. Russell Shorto (14th April 2021). "The Woman Who Made van Gogh".
  2. Van Gogh: The Life. S Naifeh & G. White Smith. Profile Books (2012) p450. "{{{title}}}". 
  3. "Diaries Jo Bonger". www.bongerdiaries.org. Dáta rochtana: 2024-11-20.