Johann Ernst Glück

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJohann Ernst Glück

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith10 Samhain 1652
Wettin Cuir in eagar ar Wikidata
Bás5 Bealtaine 1705
52 bliana d'aois
Moscó, An Rúis Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnLiútarachas
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Leipzig Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmteangeolaí, aistritheoir an Bhíobla, diagaire, aistritheoir, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghearmáinis
Teaghlach
PáisteKristian Bernhard Glück, Elisabeth Glück, Margarita Glück, Ernst Gottlieb Glück, Christina von Kosküll (von Glück) Cuir in eagar ar Wikidata

Aistritheoir Gearmánach agus diagaire Liútarach ab ea Johann Ernst Glück (Laitvis: Johans Ernsts Gliks; 10 Samhain, 1654 - 5 Bealtaine, 1705) a bhí gníomhach san Livóin (Béarla: Livonia), atá anois suite i Laitvia.

Rugadh Glück i Wettin agus bhí a athair ina tréadaí. Tar éis freastal ar an scoil Laidine Altenburg, rinne sé staidéar ar dhiagacht, reitric, fhealsúnacht, chéimseata, stair, Thíreolaíocht, agus Laidin ag Wittenberg agus Jena.

Tá clú agus cáil ar Ghlück as an Bhíobla Naofa a aistriú go Laitvis, a rinne sé ina iomláine i Marienburg (Alūksne) san Livóin, i bhfoirgneamh atá anois ina Ard-Mhúsaem na hAlūksne, a bunaíodh in onóir a chuid oibre. Bhunaigh sé freisin na céad scoileanna teanga Laitvise san Livóin sa bhliain 1683. Fuair sé bás i Moscó.

Tá an áit inar oibrigh Glück sa 17ú haois anois ina iarsmalann náisiúnta.

Bhí ceathrar iníonacha, mac, agus iníon-altrama Marta Skavronska aige a phós Peadar Mór na Rúise, dá ngairmfear go príomha Caitríona I na Rúise. Ó 1725 go dtí 1727 bhí sí ina banimpire ar Impireacht na Rúise.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]