Jean-Claude Izzo

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJean-Claude Izzo

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith20 Meitheamh 1945
Marseille, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Bás26 Eanáir 2000
54 bliana d'aois
9ú arrondissement Marseille, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Ailse)
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Marseille Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmiriseoir, scríbhneoir, file, polaiteoir, scríbhneoir scripte Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirLa Marseillaise (1968–) Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Cumannach na Fraince
Páirtí Sóisialach Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Fhraincis
Saothar
Saothar suntasach
Gradam a fuarthas

IMDB: nm0412867 Cuir in eagar ar Wikidata

File, iriseoir agus úrscéalaí as Marseille ba ea Jean-Claude Izzo (Marseille 20 Meitheamh 1945 – Marseille 26 Eanáir 2000).[1]

Saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Scríobh Izzo filíocht go hairithe sna 1970-1990idí.

Bhain sé cáil amach go tobann in 1995 nuair a foilsíodh an scéinséir Kíor Thuathail (Total Khéops)[2] sa sraith Fhrancach Série noire de chuid Gallimard.[3] Tháinig a húrscéalta Chourmo agus Solea amach níos déanaí, an dá leabhar eile sa tríológ. Is é Montale príomhcharachtar na tríolóige, póilín. Portráid ilghnéitheach de Marseille ag deireadh an chéid seo caite atá sa leabhar seo, an chathair inar fhás an t-údar féin aníos. Castar orainn coirpigh agus daoine gránna den uile chineál agus muid ag leanacht Montale trí chúlsráideanna dorcha na cathrach – idir phóilíní cama, an Maifia, antoiscigh chreidimh, phéidearastaigh, chiníochaithe agus eile.[1]

Scannánaíodh Kíor Thuathail don teilifís faoin teideal Fabio Montale in 2001 agus don phictiúrlann faoin teideal Total Khéops in 2002.

Ar an drochuair bhuail ailse sceadamáin Izzo agus d'éag 26 Eanáir 2000, in aois 54 dó.

Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'fhoilsigh Leabhar Breac Kíor Thuathail,[4] leagan Gaeilge de Total Khéops le Jean-Claude Izzo sa bhliain 2017 agus Siúrmó (Chourmo),[5][6][7] aistrithe ag Bernadette Nic an tSaoir sa bhliain 2023

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Maitiú Ó Coimín (2023-07-28). "Siúrmó: Íomhá fhileata de shaol coireachta Marseille" (ga-IE). Dáta rochtana: 2023-07-28.
  2. 2.0 2.1 Aonghus (2018-01-12). "Kíor Thuathail". Smaointe Fánacha Aonghusa. Dáta rochtana: 2023-07-29.
  3. "Série noire" (as fr) (2023-07-03). Wikipédia. 
  4. "Kíor Thuathail" (ga-IE). Leabhar Breac. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2023-07-28. Dáta rochtana: 2023-07-28.
  5. 5.0 5.1 "Siúrmó - Leabhar Breac - Scéinséir" (ga-IE). Leabhar Breac. Dáta rochtana: 2023-07-28.
  6. 6.0 6.1 "ClubLeabhar.com | BOOK OF THE MONTH - APRIL 2023 | Siúrmó". www.clubleabhar.com. Dáta rochtana: 2023-07-28.
  7. 7.0 7.1 ClubLeabhar.com (2023). "PODCHRAOLTAÍ LÉIRMHEASTÓIREACHTA : agallamh le hAonghus Ó hAlmhain". www.clubleabhar.com. Dáta rochtana: 2023-07-29.
  8. "Kíor Thuathail" (ga-IE). Leabhar Breac. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2023-07-28. Dáta rochtana: 2023-07-28.