Bernadette Nic an tSaoir
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | Corcaigh |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | scríbhneoir |
Is file agus aistritheoir Corcaíoch í Bernadette Nic an tSaoir. Tógadh í i Leaca Rua agus i mBaile na mBocht i gCorcaigh. Múinteoir gairmoideachais ab ea í i gCill Chainnigh ar feadh blianta fada ach d'fhill sí ar Gharrán na mBráthar ar an taobh ó thuaidh den chathair ina dhiaidh sin.
Saothair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ag obair mar aistritheoir, mar eagarthóir agus ag scríobh a bhíonn sí. Tá leabhair filíochta dá cuid foilsithe ag Coiscéim – Lusanna Gréine (2005), I gCistin Dé (2008), Ór ar Chrann (2011), Cathair mar a Tuairisc agus póirsí eile (2013), Ar Faonoscailt, 2015[1], Súil le Muir in 2018 agus Ar an mBóthar mór, 2021 – mar aon le haistriúcháin ar dhánta Béarla leis an bhfile Helen Dwyer dar teideal Faire a d'fhoilsigh Lapwing sa bhliain 2010.
D'fhoilsigh Leabhar Breac Kíor Thuathail,[2] leagan Gaeilge de Total Khéops le Jean-Claude Izzo sa bhliain 2017, agus Siúrmó[3] sa bhliain 2023.
Leabhair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Leabhair filíochta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Aistriúcháin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Faire le Helen Dwyer, a d'fhoilsigh Lapwing sa bhliain 2010.
- Kíor Thuathail, le Jean-Claude Izzo, 2017[2]
- Siúrmó (úrscéal), le Jean-Claude Izzo, 2023[3]
Naisc Sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 "Ar Faonoscailt le Bernadette Nic an tSaoir". coisceim.ie. Dáta rochtana: 2023-07-28.
- 1 2 "Kíor Thuathail" (ga-IE). Leabhar Breac. Dáta rochtana: 2023-07-28.
- 1 2 "Siúrmó - Leabhar Breac - Scéinséir" (ga-IE). Leabhar Breac. Dáta rochtana: 2023-07-28.
- ↑ léirmheas, Feasta, Meitheamh 2017
- ↑ "Ar an mBóthar Mór le Bernadette Nic an tSaoir". coisceim.ie. Dáta rochtana: 2023-07-28.
- ↑ "Duilliúr Fómhair by Domhnall Mac Síthigh (read by Bernadette Nic an tSaoir)" (as ga-IE) .