Janet Yellen

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJanet Yellen

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith13 Lúnasa 1946
77 bliana d'aois
Brooklyn, New York Cuir in eagar ar Wikidata
78 United States Secretary of the Treasury (en) Aistrigh
26 Eanáir 2021 –
← Andy Baukol (en) Aistrigh
Chair of the Federal Reserve (en) Aistrigh Federal Reserve System (en) Aistrigh
3 Feabhra 2014 – 3 Feabhra 2018
← Ben BernankeJerome Powell →
Uachtarán Federal Reserve Bank of San Francisco (en) Aistrigh
14 Meitheamh 2004 – 4 Deireadh Fómhair 2010
Chair of the Council of Economic Advisers (en) Aistrigh
18 Feabhra 1997 – 3 Lúnasa 1999
Cathaoirleach Council of Economic Advisers (en) Aistrigh, Rialtas Feidearálach Stát Aontaithe Mheiriceá
18 Feabhra 1997 – 3 Lúnasa 1999
Múinteoir ollscoile Haas School of Business (en) Aistrigh
1980 –
Léachtóir London School of Economics
1978 – 1980
Eacnamaí Board of Governors of the Federal Reserve System (en) Aistrigh, Rialtas Feidearálach Stát Aontaithe Mheiriceá
1977 – 1978
Múinteoir ollscoile Ollscoil Harvard
1971 – 1976 Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn Giúdachas
Scoil a d'fhreastail sé/síPembroke College in Brown University (en) Aistrigh - eacnamaíocht
Fort Hamilton High School (en) Aistrigh
Ollscoil Yale - eacnamaíocht
Ollscoil Brown Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúildochtúireacht
Comhairleoir dochtúireachtaJames Tobin
Áit chónaitheBrooklyn
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Washington, D.C.
Berkeley
Londain
Cambridge
San Francisco Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmeacnamaí, polaiteoir, baincéir, ollamh, rannpháirtí i bhfóram idirnáisiúnta Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirFederal Reserve System (en) Aistrigh
London School of Economics
Ollscoil Harvard
Ollscoil California, Berkeley Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Daonlathach Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Mac/iníon léinn de chuidJames Tobin agus Joseph E. Stiglitz
Ghlac sé/sí páirt i
IMF 2021 Annual Meetings (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Mac léinn dochtúireachtaCharles Engel
Teaghlach
CéileGeorge Akerlof Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú

Suíomh gréasáinhome.treasury.gov… Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm5908572 Twitter: JanetYellen Cuir in eagar ar Wikidata

Eacnamaí Meiriceánach is ea Janet Louise Yellen a rugadh ar 13 Lúnasa 1946. Faoi láthair tá sí ina cathaoirleach ar Bhord Ghobharnóirí Chóras an Chúlchiste Fheidearálaigh, a stiúrann feidhmiú na mbainceanna sna Stáit Aontaithe. Sular bhain sí an post sin amach, bhí sí ina leas-chathaoirleach ar an chóras chúlchiste. Roimhe sin, bhí sí ina huachtarán agus príomhoifigeach feidhmiúcháin ar Bhanc Cúlchiste Fheidearálaigh San Francisco, ina cathaoirleach ar Chomhairle Eacnamaíochta an Tí Bháin faoin Uachtarán Bill Clinton, agus ina hollamh le gnó ag Scoil Gnó Haas de chuid Ollscoil California, Berkeley.

Aithnítear mar shaintréith léi a cumas le teoiric na heacnamaíochta a nascadh le cúrsaí an tsaoil laethúla. Luaigh an tUachtarán Barack Obama é sin agus é á hainmniú mar chomharba ar Ben Bernanke mar Chathaoir ar Chúlchiste Fheidearálaigh na Stát Aontaithe.

2005

Óige, oideachas agus saol príobháideach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Yellen isteach i dteaghlach Giúdach i mBrooklyn, Nua-Eabhrac. Lia ab ea a hathair.[1][2] B'as Suwałki, sa Pholainn do mhuintir a hathair. D'fhreastail sí ar Fort Hamilton High School in Bay Ridge, comharsanacht i mBrooklyn.[3] Bhain sí céim baitsiléara summa cum laude san eacnamaíocht amach ó Coláiste Pembroke (Ollscoil Brown') sa bhliain 1967. Ag déanamh a cuid staidéar di ag Brown, léigh Yellen fealsúnacht ach d'iompaigh sí chuig an eacnamaíocht. Chuaigh beirt ollamh i bhfeidhm uirthi go háirithe, George Borts agus Herschel Grossman.[4] Bronnadh Ph.D. san eacnamaíocht uirthi in Ollscoil Yale sa bhliain 1971 as a téis dar theideal Employment, output and capital accumulation in an open economy: a disequilibrium approach faoi stiúradh beirt duaiseoirí Nobel James Tobin agus Joseph Stiglitz, a mhol Yellen mar dhuine de na mic léinn ba chliste agus shuntasaí ariamh aige.[5] Ise an t-aon bhean ar bronnadh Ph.D. san eacnamaíocht uirthi an bhliain sin ag Yale.

2017

Tá Yellen pósta ar George Akerlof, eacnamaí agus duaiseoir Nobel, atá ina ollamh in Ollscoil Georgetown agus a bhfuil stádas mar ollamh emeritus in Ollscoil California, Berkeley.[6] Múineann a mac, Robert Akerlof, eacnamaíocht in Ollscoil Warwick.[7]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]