James Emerson Reynolds

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJames Emerson Reynolds
Beathaisnéis
Breith1844
Bás1920
75/76 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmceimiceoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
An Cumann Ríoga (1880–) Cuir in eagar ar Wikidata

Ceimicí a rugadh i mBaile an Bhóthair, Contae Bhaile Átha Cliath, ab ea James Emerson Reynolds (1844-1920). Sa 19ú céad bhí an-spéis ag lucht ceimice sa Ghearmáin in úiré, ábhar fuíll ainmhithe. D'éirigh leis an gceimicí cáiliúil Gearmánach Friedrich Wöhler an t-ábhar orgánach úiré a dhéanamh tríd an ábhar neamhorgánach cianáit amóiniam a théamh. Ba nasc é seo idir dhá bhrainse ceimice a mheastaí a bheith scoite leithleach. D'éirigh le Reynolds tia-úiré a shintéisiú i 1869, rud nár éirigh leis na Gearmánaigh. Ba cheannródaí é i múineadh na ceimice praiticiúla do mhic léinn, agus d'fhoilsigh sé leabhar chuige sin, Experimental Chemistry for Junior Students (Ceimic Thurgnamhach do Mhic Léinn Shóisearacha, 1883). Rinne sé taighde suntasach ar thomhas meáchan adamhach, agus i gcur chun cinn chlár peiriadach na ndúl. Shuigh sé beirilliam ina ionad ceart sa chlár sin.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "James Emerson Reynolds". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 557.